Collapse All
GBCN – Cuntas Riaracháin
Don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013
Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta – Cuntas Riaracháin
Tá iniúchadh déanta agam ar chuntas riaracháin Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Beidh sa chuntas riaracháin, arna ullmhú faoi na beartais chuntasaíochta leagtha amach ansin, na beartais chuntasaíochta, an cuntas ioncaim agus caiteachais, an clár comhardaithe, an ráiteas ar ghnóthachain agus caillteanais iomlána aitheanta agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm a fhorordaítear faoi alt 12 den Acht, agus de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn.
Freagrachtaí na Gníomhaireachta
Tá an Ghníomhaireacht freagrach as an gcuntas riaracháin a ullmhú, as a chinntiú go dtugtar léargas fírinneach cóir maidir le staid chúrsaí na Gníomhaireachta agus maidir lena n-ioncam agus lena gcaiteachas, agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.
Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Is é an fhreagracht atá orm an cuntas riaracháin a iniúchadh agus tuairisciú air de réir an dlí is infheidhme.
Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.
Tá m’iniúchadh déanta de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (An Ríocht Aontaithe agus Éire) agus de réir Chaighdeáin Eiticiúla an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta d’Iniúchóirí.
Raon feidhme an iniúchta ar an gcuntas riaracháin
Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sa chuntas riaracháin, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an cuntas riaracháin saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar
- cibé acu an cuí nó nach cuí iad na beartais chuntasaíochta ó thaobh chúinsí na Gníomhaireachta de, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí.
- réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh in ullmhú an chuntais, agus
- cur i láthair foriomlán an chuntais.
Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil ar rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.
Ina theannta sin, léim Tuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta chun neamhréireachtaí ábhartha leis an gcuntas riaracháin iniúchta a shainaithint. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.
Tuairim ar an gcuntas riaracháin
I mo thuairim, tugtar léargas fírinneach cóir sa chuntas riaracháin, a ullmhaíodh mar ba cheart de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn, maidir le staid chúrsaí na Gníomhaireachta amhail an 31 Nollaig 2013 agus maidir lena hioncam agus lena caiteachas don bhliain 2013.
I mo thuairim, tá leabhair chuntais chuí á gcoimeád ag an nGníomhaireacht. Tá an cuntas riaracháin ar aon dul leis na leabhair chuntais.
Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht
Tuairiscím trí eisceacht sa chás
- nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó
- gur tugadh faoi deara i m’iniúchadh aon ásc ábhartha nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
- nach bhfuil an t-eolas a thugtar i dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta comhsheasmhach leis an gcuntas riaracháin lena mbaineann, nó
- nach léiríonn an ráiteas ar rialú inmheánach airgeadais gur chomhlíon an Ghníomhaireacht an Cód Cleachtas ar Rialachas Comhlachtaí, nó
- go bhfaighim amach go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.
Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.
Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
28 Meitheamh 2014
Beartais Chuntasaíochta
(a) Cúlra
Feidhmíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) le sainchúram tráchtála chun seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas a chur ar fáil don Rialtas. D’fhás siad ó bheith ina ngníomhaireacht aon fheidhme a bhainistíonn an Fiachas Náisiúnta agus iad anois ina mbainisteoir ar phunann chasta sócmhainní agus dliteanas poiblí. I measc na ngnóthaí atá á mbainistiú ag an nGníomhaireacht, tá iasachtaíocht i gcomhair an Státchiste agus bainistíocht an Fhiachais Náisiúnta, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát, an tÚdarás um Gheilleagar nua agus um Théarnamh, an Cúlchiste Náisiúnta Pinsean agus an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta. Sannann siad baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (“GNBS”) agus soláthraíonn siad seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta dóibh. Ina theannta sin, faoin treoir a eisíodh don Ghníomhaireacht faoi Ionstraim Reachtúil (I.R.) Uimh. 115 de 2010, tharmlig an tAire Airgeadais roinnt feidhmeanna córais bhaincéireachta chuig an nGníomhaireacht. Cúlghaireadh an tarmligean sin le héifeacht ón 5 Lúnasa 2011 faoi I.R. Uimh. 395 de 2011. Ina dhiaidh sin, cuireadh Aonad Baincéireachta na Gníomhaireachta ar iasacht leis an Roinn Airgeadais.
Faoi alt 11 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 déanfar na speansais a thabhaíonn an Ghníomhaireacht i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna a mhuirearú agus a íoc amach as an bPríomh-Chiste (Státchiste) nó ar a thoradh fáis. Faoi ailt 41 agus 42 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009, soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta do GNBS mar aon le foireann a shannadh d’fheidhmeanna GNBS. I gcás costas den sórt sin a thabhaíonn an Ghníomhaireacht, aisíocann GNBS iad leis an nGníomhaireacht.
(b) Airgeadra Tuairiscithe
Is é an euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €.
(c) Bonn na Cuntasaíochta
Réitíodh na ráitis airgeadais ar bhonn fabhraithe faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil. Tá foirm na ráiteas airgeadais ceadaithe ag an Aire Airgeadais faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990.
(d) Sócmhainní Seasta agus Dímheas
Taispeántar na sócmhainní seasta ag costas lúide dímheas carntha. Dímheastar sócmhainní seasta i dtráthchodanna bliantúla thar a saolré fónta measta.
(e) Léasú
Gearrtar cíosanna faoi léasanna oibriúcháin ar an gcuntas ioncaim agus caiteachais ar bhonn carntha.
(f) Pinsin
Reáchtálann an Ghníomhaireacht scéim phinsin le sochar sainithe d’fhostaithe faoi leith agus déanann sí ranníocaíochtaí le Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (“CCSP”) d’fhostaithe eile. Maoinítear na ranníocaíochtaí as buiséad riaracháin na Gníomhaireachta.
Tugtar cuntas ar chostais na scéime pinsin le sochar sainithe faoi FRS 17. Tomhaistear sócmhainní na scéime pinsean de réir luach cóir. Déantar dliteanais na scéime pinsin a thomhas ar bhonn achtúireach agus leas á bhaint as an modh réamh-mheasta aonaid. Léirítear barrachas dliteanais scéime thar shócmhainní scéime ar an gClár Comhardaithe mar dhliteanas. Is éard atá i gceist le maoiniú pinsin iarchurtha an tsócmhainn chomhfhreagrach a ghnóthófar amach anseo ón bPríomh-Chiste.
Is ionann an muirear pinsin le sochar sainithe sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais agus an costas seirbhíse reatha agus an costas seirbhíse a rinneadh móide an difríocht idir an toradh iarbhír ar shócmhainní scéime agus an costas úis ar dhliteanais scéime. Sonraítear suim arb ionann í agus an táille ar phinsean mar ioncam atá inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste sa todhchaí.
Léirítear na gnóthachain agus na caillteanais achtúireacha a eascraíonn as dliteanais toimhdí achtúireacha agus ó ghnóthachain agus ó chaillteanais ó thaithí sa Ráiteas ar Ghnóthachain agus Caillteanais Aitheanta Iomlána don bhliain ina dtarlaíonn siad, agus tá aird ar athrú comhfhreagrach sa tsuim inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste.
Aithnítear costas ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta sna Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta mar íocaíocht sa Chuntas Riaracháin sa bhliain airgeadais lena mbaineann seirbhís an fhostaí.
(g) Bogearraí
Gearrtar costais bhogearraí ríomhaireachta ar an gcuntas ioncaim agus caiteachais sa tréimhse ina dtabhaítear iad.
(h) Cuntas Caipitil
Léiríonn an cuntas caipitil fáltais ón bPríomh-Chiste, a leithdháileadh chun sócmhainní seasta a cheannach. Déantar na fáltais a amúchadh ar aon dul le dímheas ar na sócmhainní seasta lena mbaineann.
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais
An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig
2013 |
2012 |
||
Nóta |
€000 |
€000 |
|
Ioncam |
|||
Suim Infhaighte ón bPríomh-Chiste |
1(a) |
41,915 |
34,621 |
Ioncam Eile |
2 |
41,847 |
37,715 |
Glanmhaoiniú Pinsin Iarchurtha |
4(a) |
1,049 |
948 |
Aistriú ón/(chuig an) gCuntas Caipitil |
9 |
47 |
(274) |
84,858 |
73,010 |
||
Caiteachas |
|||
Costais na Gníomhaireachta |
3(a) |
(84,858) |
(73,010) |
Glanioncam/(Glanchaiteachas) |
|
– |
– |
Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 11.
John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
27 Meitheamh 2014
Ráiteas ar Ghnóthachain agus Caillteanais Aitheanta Iomlána
An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig
2013 |
2012 |
||
Nóta |
€000 |
€000 |
|
(Caillteanas)\Gnóthachan Achtúireach atá aitheanta ar Dhliteanais Phinsin |
5(f) |
(1,630) |
3,415 |
Gluaiseacht i Maoiniú Pinsin Iarchurtha |
4(b) |
1,630 |
(3,415) |
(Caillteanas)\Gnóthachan Aitheanta Iomlán |
|
– |
– |
Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 11.
John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
27 Meitheamh 2014
Clár Comhardaithe
31 Nollaig
2013 |
2012 |
||
|
Nóta |
€000 |
€000 |
Sócmhainní Seasta |
|
|
|
Sócmhainní Seasta |
6 |
3,202 |
3,249 |
Sócmhainní Reatha |
|||
Féichiúnaithe |
7 |
9,130 |
13,757 |
Airgead sa Bhanc agus ar Láimh |
3,180 |
1,393 |
|
Sócmhainní Reatha Iomlána |
12,310 |
15,150 |
|
Dliteanais Reatha |
|||
Creidiúnaithe |
8 |
(12,310) |
(15,150) |
Sócmhainní Reatha lúide Dliteanais Reatha |
– |
– |
|
Sócmhainní Iomlána lúide Dliteanais Reatha roimh Phinsin |
3,202 |
3,249 |
|
Maoiniú Iarchurtha Pinsin |
5(d) |
3,549 |
870 |
Dliteanas Pinsin |
5(d) |
(3,549) |
(870) |
– |
– |
||
Sócmhainní Iomlána Lúide Dliteanais Reatha |
3,202 |
3,249 |
|
Ag Ionadú: |
|||
Cuntas Caipitil |
9 |
3,202 |
3,249 |
Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 11.
John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
27 Meitheamh 2014
Nótaí leis na Ráitis Airgeadais
1. Ioncam an Phríomh-Chiste
(a) Feidhmíonn an Príomh-Chiste ar bhonn fáltas agus íocaíochtaí, ach bunaíodh na cuntais seo ar bhonn fabhraithe. Leagtar na nithe réitigh amach sa tábla seo a leanas:
|
|
2012 |
2012 |
|
Nóta |
€000 |
€000 |
Suim thosaigh dlite don Phríomh-Chiste |
9,419 |
3,963 |
|
Suimeanna a fuarthas ón bPríomh-Chiste |
37,938 |
40,077 |
|
Suim dlite don Phríomh-Chiste ag deireadh na bliana |
8 |
(5,442) |
(9,419) |
Suim infhaighte ón bPríomh-Chiste don bhliain |
41,915 |
34,621 |
(b) Is í an tsuim iomlán atá aitheanta a bheith (iníoctha leis an) / inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste:
2013 |
2012 |
||
Nóta |
€000 |
€000 |
|
Creidiúnaithe |
8 |
(5,442) |
(9,419) |
Maoiniú Iarchurtha Pinsin |
5(d) |
3,549 |
870 |
(1,893) |
(8,549) |
2. Ioncam eile
2013 |
2012 |
|
€000 |
€000 |
|
Gnóthú Speansas ó GNBS |
40,768 |
36,890 |
Ioncam Urrús faoi Chumhdach Sócmhainní |
811 |
465 |
Ioncam Eile |
237 |
290 |
Gnóthú Speansas ó Fhorais Chlúdaithe Chreidmheasa |
31 |
70 |
41,847 |
37,715 |
Faoi ailt 41 agus 42 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009, soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta do GNBS mar aon le foireann a shannadh d’fheidhmeanna GNBS, de réir mar a aontaítear. Ba é costas na seirbhísí sin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 ná €40.8m (2012: €36.9m).
Eisítear Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne faoin Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne, 2001, arna leasú ag an Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne (Leasú) 2007. Sa chás go mainníonn banc atá cláraithe mar fhoras creidmheasa morgáiste sainithe nó mar fhoras creidmheasa poiblí sainithe faoin Acht, foráiltear leis an Acht nach mór don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh san ord seo a leanas, (i) iarracht a dhéanamh soláthraí seirbhísí eile a fháil chun na cistí cuí sócmhainní a bhainistiú, (ii) comhlacht corpraithe eile a fhostú chun a bheith ina mháthairaonán i leith na gcistí cuí, nó, (iii) na cistí a bhainistiú léi féin. Faigheann an Ghníomhaireacht ioncam urrús faoi chumhdach sócmhainne i gcomaoin, atá bunaithe ar shuim ainmniúil gach banna in eisiúint faoi chumhdach sócmhainne.
Ghnóthaigh an Ghníomhaireacht táillí gairmiúla €0.03m (2012: €0.07m) a bhain le feidhmeanna an chórais bhaincéireachta.
Is é atá in ioncam eile go príomha ná táille bhliantúil seirbhíse a ghearrtar ar an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe i gcomhair iasachtaí a fháil thar a ceann faoi Chlár Páipéar Tráchtála.
3. Costais na Gníomhaireachta
(a) Costais na Gníomhaireachta
2013 |
2012 |
||
Nóta |
€000 |
€000 |
|
Costais Fhostaíochta |
57,831 |
51,009 |
|
Costais Oibriúcháin |
13,371 |
11,884 |
|
Costas Bliantúil Pinsin le Sochair Sainithe |
5(e) |
6,617 |
5,599 |
Táillí Gairmiúla |
5,803 |
3,242 |
|
Dímheas |
6 |
1,088 |
1,121 |
Costais Phinsin CCSP |
3(d) |
148 |
155 |
Speansais Iomlána |
84,858 |
73,010 |
Áirítear le speansais oibriúcháin costais teicneolaíochta, costais áitíochta, costais seirbhísí gnó agus speansais taistil na foirne.
Tar éis athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chomhlíonadh cánach, chomhaontaigh an Ghníomhaireacht socraíocht dheonach leis na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil le cúrsaí stairiúla cánach arbh fhiú €0.37m iad, a íocadh in 2013.
Faoin treoir a eisíodh don Ghníomhaireacht faoi Ionstraim Reachtúil (I.R.) Uimh. 115 de 2010, tharmlig an tAire Airgeadais roinnt feidhmeanna córais bhaincéireachta chuig an nGníomhaireacht. Cúlghaireadh an tarmligean sin le héifeacht ón 5 Lúnasa 2011 faoi I.R. Uimh. 395 de 2011. Ina dhiaidh sin, cuireadh Aonad Baincéireachta na Gníomhaireachta ar iasacht leis an Roinn Airgeadais. Ar ordú an Aire, leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag freastal ar chostais an Aonaid Baincéireachta, a chuimsíonn costais foirne agus costais comhairleora ghairmiúil. Tabhaíodh costais comhairleora ghairmiúil €2.1m (2012: €1.1m) ina leith sin. Áirítear na costais seo i gCostais na Gníomhaireachta mar a leagtar amach iad thuas.
(b) Speansais na Gníomhaireachta d’Fheidhmeanna Sonraithe
2013 €m |
2012 €m |
|
An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní |
40.8 |
36.9 |
An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát |
11.5 |
10.3 |
An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta |
7.1 |
6.1 |
An Cúlchiste Náisiúnta Pinsean |
3.9 |
3.9 |
(c) Luach Saothair agus Speansais Táillí agus Speansais an Choiste Chomhairligh
Is í an Ghníomhaireacht a leagann amach luach saothair do chomhaltaí an Choiste Chomhairligh le cead ón Aire Airgeadais. Tá an luach saothair i ndáil le 2012 agus le 2013 leagtha amach thíos:
2013 € |
2012 € |
|
Willie Walsh (Cathaoirleach – ceaptha an 11 Samhain 2013) |
– |
– |
David Byrne (Cathaoirleach – deireadh téarma: an 31 Nollaig 2012) |
– |
45,000 |
Kevin Cardiff (deireadh téarma: an 3 Feabhra 2012) |
– |
– |
Hugh Cooney (deireadh téarma: an 31 Nollaig 2012) |
– |
22,500 |
Brendan McDonagh |
22,500 |
22,500 |
John Moran (ceaptha an 6 Márta 2012) |
– |
– |
Tytti Noras |
22,500 |
22,500 |
Donald Roth |
22,500 |
22,500 |
Táillí an Bhoird |
67,500 |
135,000 |
Tharscaoil Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh (Willie Walsh) an luach saothair a bhí dlite dó do 2013.
D’oibrigh Kevin Cardiff agus John Moran ar an gCoiste ina gcáil mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais. Ní bhfuair siad aon luach saothair i leith a gcomhaltais.
Áirítear i luach saothair chomhaltaí an Choiste Chomhairligh atá leagtha amach thuas laghdú 10 faoin gcéad ar tháillí faoi mar a chomhaontaigh an Coiste le héifeacht ó 1 Eanáir 2012.
Tá speansais a tabhaíodh i leith chomhaltaí an Choiste leagtha amach thíos:
Comhalta Coiste1 |
Taisteal |
Cóiríocht |
Cáin |
Iomlán |
Iomlán 2012 |
€ |
€ |
€ |
€ |
€ |
|
Brendan McDonagh |
17,122 |
2,037 |
13,507 |
32,666 |
20,200 |
Tytti Noras |
6,283 |
1,738 |
2,369 |
10,390 |
8,330 |
Donald Roth |
19,735 |
1,663 |
13,390 |
34,788 |
28,032 |
43,140 |
5,438 |
29,266 |
77,844 |
56,562 |
Déantar speansais cheadaithe a aisíoc le comhaltaí an Choiste Chomhairligh ar bhonn deimhnithe. Shoiléirigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil cáin iníoctha ar na speansais dheimhnithe sin. Is aitheanta ar leithligh thuas atá na cánacha ábhartha is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim do 2013. Tá na speansais do 2012 léirithe agus cáin san áireamh iontu.
1 Tá cónaí ar Brendan McDonagh i mBeirmiúda, tá cónaí ar Tytti Noras san Fhionlainn agus tá cónaí ar Donald Roth i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Baineann speansais le costais taistil agus chóiríochta chun freastal ar chruinnithe an Choiste Chomhairligh in oifigí na Gníomhaireachta i mBaile Átha Cliath.
(c) Luach Saothair agus Speansais (ar lean)
Luach Saothair an Phríomhfheidhmeannaigh
2013 |
2012 |
|
Tuarastal |
€416,500 |
€416,500 |
Sochair incháinithe |
€29,129 |
€29,600 |
Tá teidlíochtaí pinsin an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin ag teacht leis na teidlíochtaí caighdeánacha sa scéim phinsin le sochar sainithe de réir mhúnla na hearnála poiblí.
Is é an tAire Airgeadais, tar éis comhairliúcháin leis an gCoiste Comhairleach, a chinneann luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh. Sa bhliain 2012, ghlac an Príomhfheidhmeannach le laghdú 15 faoin gcéad ar a thuarastal tar éis don Aire Airgeadais é sin a iarraidh agus léirítear an coigeartú sin thuas. Beidh feidhm ag na laghduithe pá dá bhforáiltear san Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail 2013, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2013, maidir le foireann GBCN. D’ainneoin na laghduithe a forchuireadh leis an Acht sin, lean an Príomhfheidhmeannach ar aghaidh le suim chomh mór sin a tharscaoileadh go bhfuil a bhuntuarastal bliantúil díreach mar a bhí faoin socrú bunaidh.
Tá luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh comhdhéanta de thuarastal bunúsach, de shochair incháinithe (carr agus árachas sláinte) agus d’íocaíocht a bhaineann le feidhmíocht ar fiú suas le 80 faoin gcéad den tuarastal bliantúil í. Tharscaoil an Príomhfheidhmeannach aon chomaoin maidir le pá a bhain le feidhmíocht do 2012 agus do 2013.
(d) Aoisliúntas
Bronntar teidlíocht aoisliúntais na foirne faoi scéim sochair shainithe aoisliúntais a bunaíodh faoi alt 8 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Aistrítear ranníocaíochtaí, ranníocaíochtaí na mball foirne a roghnaigh socruithe sochair shainithe san áireamh, chuig ciste a bhainistítear go seachtrach. Cinntear ranníocaíocht na Gníomhaireachta bunaithe ar chomhairle achtúire neamhspleách Socraíodh ranníocaíocht na Gníomhaireachta do 2013 ar leibhéal 25 faoin gcéad den tuarastal i ndáil le daoine a raibh ballraíocht acu sa Scéim roimh an 1 Eanáir 2010 agus a fhaigheann sochair bunaithe ar a dtuarastal deiridh. Rinneadh ranníocaíocht 10 faoin gcéad den tuarastal i dtaca le baill nua den Scéim ón 1 Eanáir 2010. Is sochair a bheidh bunaithe ar mheántuilleamh gairme a gheobhaidh na hiontrálaithe nua sin, lena n-áireofar baill foirne a bhain leas as socruithe Cuntas Coigiltis Scoir Phearsanta (CCSP) roimhe seo. B’ionann ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta leis an scéim sochair shainithe don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 agus €5.568m (2012: €4.651m). Tar éis athbhreithniú achtúireach a rinneadh ag deireadh na bliana 2013, tá an ráta ranníocaíochta do gach ball socraithe ag 14.2 faoin gcéad do 2014.
Foráiltear do dhliteanais a eascraíonn faoin scéim sochair shainithe faoi na socruithe thuas, seachas do theidlíochtaí a eascraíonn i leith sheirbhís bhaill faoi leith na Gníomhaireachta a earcaíodh ó réimsí eile laistigh den earnáil phoiblí. Shainigh an tAire Airgeadais an Ghníomhaireacht mar an t-eagras ceadaithe chun críocha Scéim na hEarnála Poiblí (Aistriú Seirbhíse) an 7 Aibreán 1997. Forálann an t-ainmniúchán seo do ranníocaíochtaí a dhéanamh lasmuigh den Státchiste, i measc nithe eile, mar agus nuair atá sochair dlite i gcomhair íocaíochta mar is iondúil, i leith réamhsheirbhís iar-státseirbhíseach a d’fhostaigh an Ghníomhaireacht. Ní dhearnadh aon fhoráil d’íocaíocht na dteidlíochtaí sin a mhaoiniú.
Rinne an Ghníomhaireacht ranníocaíocht €147,791 (2012: €154,705) freisin le Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta d’fhostaithe nár bhaill den scéim sochair shainithe iad in 2013.
4. Glanmhaoiniú Pinsin Iarchurtha
(a) Glanmhaoiniú Cúlchiste Pinsin Iarchurtha i leith na bliana
2013 |
2012 |
||
Nóta |
€000 |
€000 |
|
Maoiniú inghnóthaithe i leith chostais phinsin na bliana reatha |
5(e) |
6,617 |
5,599 |
Ioncam a Caitheadh chun Ranníocaíochtaí a Dhéanamh leis an gCiste Pinsin |
3(d) |
(5,568) |
(4,651) |
Glanmhaoiniú Pinsin Iarchurtha |
1,049 |
948 |
(b) Gluaiseacht i Maoiniú Pinsin Iarchurtha
2013 |
2012 |
||
Nóta |
€000 |
€000 |
|
Gluaiseacht i suim inghnóthaithe maidir le caillteanas/(gnóthachan) achtúireach na bliana reatha |
5(f) |
1,630 |
(3,415) |
5. Sochair Phinsin
(a) Scéim Phinsin le Sochar Sainithe
Bunaíodh luacháil na scéime sochair shainithe a úsáideadh chun críocha nochtadh FRS17 ar shonraí a chur Riarthóir na Scéime ar fáil. Cinneadh an luacháil a rinne achtúire neamhspleách le riachtanais FRS17 a chur san áireamh chun na dliteanais a mheas um dháta an chláir chomhordaithe. Luaitear sócmhainní scéime ag a luach margaidh um dháta an chláir chomhordaithe.
(b) Athrú i Luach Reatha na nOibleagáidí Sochair Shainithe
2013 €000 |
2012 €000 |
|
Oibleagáidí Sochair ag Tús na Bliana |
63,254 |
52,560 |
Costas Seirbhíse |
7,616 |
6,130 |
Costas Úis |
3,034 |
2,974 |
(Gnóthachan)/Caillteanas Achtúireach |
6,060 |
2,211 |
Sochair a Íocadh |
(344) |
(490) |
Préimheanna Íoctha |
(130) |
(131) |
Oibleagáidí Sochair ag Deireadh na Bliana |
79,490 |
63,254 |
(c) Athrú i luach cóir na sócmhainní scéime
2013 €000 |
2012 €000 |
|
Luach Cóir na Sócmhainní Scéime ag Tús na Bliana |
62,384 |
49,223 |
Toradh Ionchais ar Shócmhainní Scéime |
2,921 |
2,504 |
Gnóthachan Achtúireach |
4,430 |
5,626 |
Ranníocaíochtaí Fostóirí |
5,568 |
4,651 |
Ranníocaíochtaí na mBall |
1,112 |
1,001 |
Sochair a Íocadh ón Scéim |
(344) |
(490) |
Préimheanna Íoctha |
(130) |
(131) |
Luach Cóir na Sócmhainní Scéime ag Deireadh na Bliana |
75,941 |
62,384 |
Sócmhainní Scéime |
% |
% |
Ba iad na Leithdháiltí Sócmhainne ag deireadh na bliana: |
||
Gnáthscaireanna |
51.20 |
49.38 |
Bannaí |
34.31 |
33.82 |
Réadmhaoin |
4.19 |
4.83 |
Malairtí |
9.93 |
8.19 |
Airgead |
0.37 |
3.78 |
100.00 |
100.00 |
Chun an toimhde a fhorbairt do ráta an toraidh fhadtéarmaigh ionchasaigh ar shócmhainní, rinneadh breithniú ar leibhéal reatha na dtorthaí ionchasacha ar infheistíochtaí saor ó riosca (bannaí rialtais go príomha), ar leibhéal stairiúil na préimhe riosca a bhaineann le haicmí eile sócmhainní ina bhfuil an phunann infheistithe agus ar na hionchais atá ann do thorthaí amach anseo ar gach aicme sócmhainní. Rinneadh toradh ionchais gach aicme sócmhainní a ualú ina dhiaidh sin, bunaithe ar leithdháileadh na sócmhainní iarbhír, d’fhonn forbairt a dhéanamh ar an toimhde do ráta an toraidh fhadtéarmaigh ionchasaigh ar shócmhainní don phunann.
2013 €000 |
2012 €000 |
|
Toradh Iarbhír ar Shócmhainní Scéime |
7,351 |
8,130 |
(d) Barrachas/(Easnamh) Scéime
2013 €000 |
2012 €000 |
|
Luach Cóir na Sócmhainní Scéime |
75,941 |
62,384 |
Luach Reatha na nOibleagáidí Maoinithe |
(79,490) |
(63,254) |
Easnamh ag deireadh na bliana |
(3,549) |
(870) |
Suimeanna sa Chlár Comhardaithe |
||
Maoiniú Iarchurtha Pinsin |
3,549 |
870 |
Dliteanas Pinsin |
(3,549) |
(870) |
(e) Comhpháirteanna an Speansais Phinsin
Is í an tsuim a aithnítear sa chuntas ioncaim agus caiteachais:
2013 |
2012 |
||
Nóta |
€000 |
€000 |
|
Costas seirbhíse iomlán |
7,616 |
6,130 |
|
Lúide ranníocaíochtaí fostaithe |
(1,112) |
(1,001) |
|
Costas seirbhíse reatha fostóra |
6,504 |
5,129 |
|
Costas Úis |
3,034 |
2,974 |
|
Toradh Ionchais ar Shócmhainní Scéime |
(2,921) |
(2,504) |
|
Muirear Ioncaim agus Caiteachais |
3(a) |
6,617 |
5,599 |
(f) Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach
Is é seo a leanas an gnóthachan/(caillteanas) achtúireach a aithnítear sa ráiteas ar ghnóthachain agus caillteanais aitheanta iomlána:
2013 €000 |
2012 €000 |
|
Caillteanas achtúireach ar oibleagáidí scéime |
(6,060) |
(2,211) |
Gnóthachan achtúireach ar shócmhainní scéime |
4,430 |
5,626 |
Ráiteas ar Ghnóthachain agus Caillteanais Aitheanta Iomlána |
(1,630) |
3,415 |
(g) Príomhthoimhdí Achtúireacha
Ba iad seo a leanas na príomhthoimhdí achtúireacha a úsáideadh:
2013 % |
2012 % |
|
Meántoimhdí ualaithe a úsáideadh chun oibleagáidí sochair a chinneadh: |
||
Ráta lascaine |
4.00 |
4.30 |
Ráta méadaithe tuarastail |
3.00 |
3.00 |
Ráta boilscithe praghsanna |
2.00 |
2.00 |
Ráta méadaithe pinsin |
2.00/3.00 |
2.00/3.00 |
Meántoimhdí ualaithe a úsáideadh chun speansas pinsin a chinneadh: |
||
Ráta lascaine |
4.30 |
5.10 |
Aisíoc ionchais fhadtéarmaigh ar shócmhainní scéime |
4.46 |
4.84 |
Ráta méadaithe tuarastail |
3.00 |
4.00 |
Ráta boilscithe praghsanna |
2.00 |
2.00 |
Ráta méadaithe pinsin |
2.00/3.00 |
2.00/4.00 |
Blianta |
Blianta |
|
Meánionchas saoil ualaithe ag 60 bliain d’aois do tháblaí básmhaireachta a úsáideadh chun oibleagáidí sochair a chinneadh: |
||
Pinsinéirí Amach Anseo |
||
– Fear (45 bliain d’aois faoi láthair) |
30.5 |
30.4 |
– Bean (45 bliain d’aois faoi láthair) |
31.6 |
31.5 |
Pinsinéirí Reatha |
||
– Fear (60 bliain d’aois faoi láthair) |
28.6 |
28.4 |
– Bean (60 bliain d’aois faoi láthair) |
30.0 |
29.9 |
Meánionchas saoil ualaithe ag 65 bliain d’aois do tháblaí básmhaireachta a úsáideadh chun oibleagáidí sochair a chinneadh: |
Blianta |
Blianta |
Pinsinéirí Amach Anseo |
||
– Fear (45 bliain d’aois faoi láthair) |
26.0 |
25.9 |
– Bean (45 bliain d’aois faoi láthair) |
27.0 |
26.9 |
Pinsinéirí Reatha |
||
– Fear (65 bliain d’aois faoi láthair) |
23.5 |
23.3 |
– Bean (65 bliain d’aois faoi láthair) |
24.9 |
24.8 |
Toradh ionchais ar shócmhainní de réir leithdháileadh sócmhainní: |
% |
% |
Urrúis chothromais |
6.50 |
6.50 |
Urrúis fiachais |
3.00 |
3.00 |
Réadmhaoin |
5.50 |
5.50 |
Airgead |
1.00 |
1.00 |
Malairtí |
6.50 |
6.50 |
Meántoradh ualaithe bunaithe ar leithdháileadh sócmhainní |
4.49 |
4.46 |
Ba é €8.871m an speansas measta pinsin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2014.
(h) Stair na nOibleagáidí Sochair Shainithe, Sócmhainní agus Gnóthachain agus Caillteanais ó Thaithí
2013 €000 |
2012 €000 |
2011 €000 |
2010 €000 |
2009 €000 |
|
Oibleagáid Sochair Shainithe |
79,490 |
63,254 |
52,560 |
42,829 |
37,993 |
Luach Cóir na Sócmhainní Scéime |
75,941 |
62,384 |
49,223 |
44,492 |
38,619 |
Easnamh/(barrachas) |
3,549 |
870 |
3,337 |
(1,663) |
(626) |
Difríocht idir Aisíoc Ionchais agus Aisíoc Iarbhír ar Shócmhainní Scéime: |
|||||
Suim |
(4,430) |
(5,626) |
3,528 |
224 |
(5,373) |
Léirithe mar % de Shócmhainní Scéime |
(5.8%) |
(9.0%) |
7.2% |
0.5% |
(13.9%) |
(Gnóthachain)/caillteanais ó thaithí ar dhliteanais scéime: |
|||||
Suim |
532 |
(1,128) |
(821) |
(1,814) |
(1,348) |
Léirithe mar % de Dhliteanais Scéime |
0.7% |
(1.8%) |
(1.6%) |
(4.2%) |
(3.5%) |
6. Sócmhainní Seasta
Costais Feistithe |
Troscán, Trealamh agus Mótarfheithiclí |
Iomlán |
|
|
€000 |
€000 |
€000 |
Costas: |
|||
Iarmhéid Tosaigh amhail an 1 Eanáir 2013 |
2,494 |
7,346 |
9,840 |
Suimiúcháin ar Chostas |
324 |
738 |
1,062 |
Diúscairtí |
– |
(118) |
(118) |
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2013 |
2,818 |
7,966 |
10,784 |
Dímheas Carntha: |
|||
Iarmhéid Tosaigh amhail an 1 Eanáir 2013 |
1,383 |
5,208 |
6,591 |
Dímheas don Tréimhse |
81 |
1,007 |
1,088 |
Diúscairtí |
– |
(97) |
(97) |
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2013 |
1,464 |
6,118 |
7,582 |
Glanluach Leabhar amhail an 31 Nollaig 2013 |
1,354 |
1,848 |
3,202 |
Glanluach Leabhar amhail an 31 Nollaig 2012 |
1,111 |
2,138 |
3,249 |
Déantar dímheas a áireamh bunaithe ar shaolré fónta measta na sócmhainní seasta mar a leanas:
Feistiú Réadmhaoine | 20 bliain |
Trealamh agus Mótarfheithiclí | 3 go 5 bliana |
Troscán | 10 mbliana |
Baineann na costais réadmhaoine chaipitlithe le costais feistithe an spáis oifige atá áitithe ag an nGníomhaireacht. Glactar an réadmhaoin ar léas faoi léasanna fadtéarmacha, mar atá luaite i Nóta 10.
7. Féichiúnaithe
2013 €000 |
2012 €000 |
|
Suimeanna infhaighte ó GNBS |
5,351 |
8,778 |
Féichiúnaithe Eile |
2,315 |
2,893 |
Réamhíocaíochtaí |
1,464 |
2,086 |
9,130 |
13,757 |
8. Creidiúnaithe
2013 €000 |
2012 €000 |
|
An Príomh-Chiste |
5,442 |
9,419 |
Creidiúnaithe |
3,524 |
1,809 |
Ioncam Iarchurtha |
1,563 |
2,032 |
Fabhruithe |
1,781 |
1,890 |
12,310 |
15,150 |
Baineann Ioncam Iarchurtha le préimh aisiompaithe a chuirfear chun sochair don Chuntas Ioncaim agus Caiteachais ar bhonn bliantúil sa tréimhse go mí Aibreáin 2017 (Nóta 10).
9. Cuntas Caipitil
|
|
|
2013 €000 |
2012 €000 |
Iarmhéid Tosaigh |
3,249 |
2,975 |
||
Aistriú ón/(chuig an) gCuntas Ioncaim agus Caiteachais |
||||
Maoiniú sócmhainne |
||||
– Sócmhainní Seasta |
1,062 |
|||
Amúchadh an Mhaoinithe Caipitil |
||||
– Amúchadh de réir Dímheasa |
(1,088) |
|||
– Glansuim a Scaoileadh ar Dhiúscairt Sócmhainní |
(21) |
(1,109) |
(47) |
274 |
Iarmhéid Deiridh |
3,202 |
3,249 |
10. Ceangaltais
Léasanna Oibriúcháin
Sna blianta 1991, 2004 agus 2007, rinne an Ghníomhaireacht comhaontuithe léasa ar feadh tréimhsí éagsúla go 2026 agus go 2027 i ndáil le cóiríocht oifige ag Foirgneamh an Státchiste, Sráid na Canála Móire, Baile Átha Cliath 2. Chomh maith leis sin, rinne an Ghníomhaireacht comhaontú léasa in 2012 go 2017, i ndáil le cóiríocht oifige ar an gceathrú hurlár i bhFoirgneamh an Státchiste, Sráid na Canála Móire, Baile Átha Cliath 2.
Is ionann an t-ollchostas bliantúil cíosa faoi na léasanna oibriúcháin sin agus €2.8m, gan préimh aisiompaithe ar fiú €0.5m in aghaidh na bliana í san áireamh agus a bhaineann leis an ioncam iarchurtha a áirítear i Nóta 8.
Tá na híosíocaíochtaí ainmniúla léasa amach anseo leagtha amach sa tábla seo a leanas:
Níos lú ná |
1-5 bliana |
Níos mó ná |
Iomlán |
|
31 Nollaig 2013 |
€000 |
€000 |
€000 |
€000 |
Léasanna Oibriúcháin |
2,828 |
9,527 |
13,861 |
26,216 |
11. Imeachtaí ó Dháta an Chláir Chomhardaithe
I mí na Bealtaine 2014, d’eisigh an Rialtas an Bille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú). Nuair a achtófar é, déanfar leis an mBille struchtúir rialachais GBCN a chuíchóiriú agus a shimpliú ionas go mbeidh sí in ann glacadh le cur chuige níos comhtháite i leith chomhlíonadh a feidhmeanna. Athbhunófar GBCN mar chomhlacht a mbeidh Cathaoirleach agus ochtar comhaltaí eile aici, daoine a mbeidh freagracht uileghabhálach orthu as gach ceann de na feidhmeanna atá ag GBCN (seachas GNBS a leanfaidh lena bord ar leith féin a bheith aici). Déanfar Bord na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, Coiste Comhairleach Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Coiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát a dhíscaoileadh.
Ní bheidh aon tionchar ar ghlanluachanna an Chláir Chomhardaithe.