An Cúlchiste Náisiúnta Pinsean
Is é Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean a rialaíonn an Cúlchiste Náisiúnta Pinsean (an Ciste). Comhlíonann an Coimisiún a chuid feidhmeanna trí GBCN, ar bainisteoir an Chiste í. Tá Príomhfheidhmeannach GBCN ina bhall ex officio den Choimisiún. Foilsíonn an Coimisiún tuarascáil bhliantúil agus cuntais mhionsonraithe ar leith.
Creat Reachtach agus Oibriúcháin
Tá athrú suntasach tagtha ar chreat reachtach agus oibriúcháin CNP ó bunaíodh an Ciste in 2001 agus cuspóir reachtúil aige freastal an oiread agus is féidir ar na costais a bhainfidh le leas sóisialach agus le pinsin seirbhíse poiblí ó 2025 ar aghaidh. De réir an chuspóra sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún sócmhainní an Chiste a infheistiú chun an t-uastoradh airgeadais iomlán a áirithiú, ag féachaint dá chuspóir agus do leibhéal inghlactha riosca. Ba trí phunann éagsúlaithe dhomhanda a cuireadh an straitéis infheistíochta sin chun feidhme, punann a chuimsíonn cothromais luaite, bannaí, réadmhaoin, cothromas príobháideach, tráchtearraí agus cistí dearbhthorthaí.
In 2009 agus in 2010, infheistíodh sócmhainní de chuid an Chiste arbh fhiú €10.7 billiún iad i mBainc-Aontas Éireann (AIB) agus i mBanc na hÉireann. Infheistíodh €10 billiún eile in 2011 mar chuid de chlár AE/CAI. Ar aon dul leis an mbunchuspóir reachtúil atá aige, leanann an Coimisiún leis an gcuid eile den Chiste a bhainistiú.
I mí Mheán Fómhair 2011 d’fhógair an Rialtas go bhfuil sé beartaithe aige acmhainní faoi thionscnamh an Chiste Infheistíochta Straitéisí a dhíriú ar infheistíocht tháirgiúil i ngeilleagar na hÉireann tar éis athruithe cuí a dhéanamh ar an reachtaíocht lena rialaítear an Ciste.
Ag teacht sna sála air sin, fógraíodh tograí reachtaíochta i mí an Mheithimh 2013 lena mbunófaí Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (CISÉ), rud a chomhghabhfaidh an Ciste ina iomláine agus a mbeidh sainordú reachtúil aige infheistiú ar bhonn tráchtála ar bhealach a cheapfar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht in Éirinn. Foilsíodh an reachtaíocht sin i mí na Bealtaine 2014. Is é a bheidh i gceist le bunú CISÉ ná an Coimisiún a dhíscaoileadh agus Bord agus Coiste Infheistíochta nua GBCN a chruthú chun maoirseacht agus bainistiú a dhéanamh air. Beidh infheistíochtaí dírithe an Chiste i mBanc na hÉireann agus in AIB i seilbh CISÉ freisin.
An Straitéis um Chaomhnú Caipitil
I bhfianaise na n-athruithe a bhí beartaithe ar shainordú infheistíochta an Chiste, d’aithin an Coimisiún in 2011 go raibh gá lena chinntiú go mbeadh acmhainní ar fáil nuair a d’fhorbrófaí nó nuair a d’fhoinseofaí deiseanna cuí infheistíochta tráchtála in Éirinn. Ag an am céanna, bhí sé riachtanach cumas an Chiste a choimeád ar bun maidir le páirt a ghlacadh i ngnóthachain dá n-éireodh le margaí cothromais, de réir na straitéise infheistíochta a forbraíodh chun a shainordú reachtúil reatha a chur chun feidhme.
I mí an Mheithimh 2011, ghlac an Coimisiún le ‘Straitéis um Chaomhnú Caipitil’ ar mhaithe le cothromaíocht chuí idir na cuspóirí sin, i dtuairim an Choimisiúin, a bhaint amach. Ba é an tionchar a bhí ar an straitéis ná gur laghdaíodh nochtadh an Chiste i leith cothromais ar an taobh thíos trí roghanna a cheannach agus trí nochtadh laghdaithe i leith cothromas. Coigeartaíodh cur chun feidhme na straitéise le himeacht ama chun praghsáil mhargaidh agus an tréimhse ama is dóigh a bheidh ag teastáil chun an sainordú a athrú a léiriú.
Cuireadh dlús le diúscairt phunanna réadmhaoine agus chothromais phríobháidigh an Chiste ar mhaithe le leachtacht a fheabhsú. Mar chuid den obair sin, díoladh leasanna cothromais dhomhanda phríobháidigh de thart ar €800 milliún i mí na Nollag 2013 tar éis próiseas iomaíoch díolacháin.
Nuashonrú maidir leis an bPunann agus maidir le Feidhmíocht
Tuairiscíonn an Ciste ar thrí leibhéal a áiríonn (i) an Phunann Lánroghnach (a bhfuil freagracht ar an gCoimisiún as a cuid infheistíochta), (ii) an Phunann faoi Threoir (ina ndéantar infheistíochtaí beartais phoiblí le hordú an Aire Airgeadais), agus (iii) an Ciste Iomlán. Ag deireadh na bliana 2013, b’ionann luach iomlán an Chiste agus €19.9 billiún. Bhí luach €6.8 billiún ar an bPunann Lánroghnach agus bhí luach €13.1 billiún ar an bPunann faoi Threoir.
Punann Lánroghnach
Thuill an Phunann Lánroghnach toradh 6.4 faoin gcéad in 2013. Mhéadaigh luach an Chiste faoi €742 milliún le linn na bliana, lenar áiríodh ioncam díbhinne €340 milliún a aistríodh ón bPunann faoi Threoir.
Mar gheall ar chur chun feidhme na Straitéise um Chaomhnú Caipitil ó mhí an Mheithimh 2011 i leith, ní tomhas oiriúnach ar fheidhmíocht choibhneasta é tagarmharc fadtéarmach an Chiste a thuilleadh, mar nár cuireadh gné um chaomhnú caipitil san áireamh ann.
Sa chomhthéacs sin, is tomhas níos oiriúnaí é dara tagarmharc an Chiste – is é sin, an meánchostas ar fhiachas cúig bliana Rialtas na hÉireann – agus sháraigh an Ciste an tagarmharc sin faoi 3.8 faoin gcéad in 2013. Ó mhí an Mheithimh 2011 go deireadh mhí na Nollag 2013, ba é feidhmíocht an Chiste ná 6.7 faoin gcéad in aghaidh na bliana. Ba é 4.8 faoin gcéad an meántoradh ar fhiachas cúig bliana Rialtas na hÉireann thar an tréimhse chéanna.
Leithdháileadh Shócmhainní na Punainne Lánroghnaí ag Deireadh 2013 | ||||
---|---|---|---|---|
Luacháil |
% den Phunann Lánroghnach |
|||
Cothromas Mórchaidhpe |
1,039 |
15.2 |
||
Cothromas Beagchaidhpe |
330 |
4.8 |
||
Cothromas Margaí atá ag Teacht Chun Cinn |
332 |
4.9 |
||
Cothromas Luaite Iomlán |
1,701 |
24.9 |
||
Luach na gCéadroghanna ar Chothromas a Dhíol |
70 |
1.0 |
||
Bannaí Rialtais Limistéar an Euro |
– |
0.0 |
||
Bannaí Boilsciú-Nasctha Limistéar an Euro |
130 |
1.9 |
||
Bannaí Corparáide |
546 |
8.0 |
||
Fiachas Eile |
194 |
2.8 |
||
Infháltais Fhadtéarmacha |
343 |
5.0 |
||
Airgead agus Coibhéisí Airgid |
2,438 |
35.7 |
||
Sócmhainní Iomlána Airgeadais |
3,651 |
53.5 |
||
Cothromas Príobháideach |
134 |
2.0 |
||
Réadmhaoin |
347 |
5.1 |
||
Tráchtearraí agus Foraoiseacht |
336 |
4.9 |
||
Bonneagar |
341 |
5.0 |
||
Cistí Dearbhthorthaí |
246 |
3.6 |
||
Sócmhainní Iomlána Eile |
1,405 |
20.6 |
||
Punann Lánroghnach Iomlán |
6,827 |
100.0 |
De bharr slánú, is féidir nach seasfaidh na figiúirí don fhigiúr iomlán.
Foinse: GBCN
Punann faoi Threoir
Ó 2009 i leith, infheistíodh sócmhainní de chuid an Chiste arbh fhiú €20.7 billiún iad in AIB agus i mBanc na hÉireann faoi threoir an Aire Airgeadais ar chúiseanna beartais phoiblí. Ag deireadh na bliana 2013, ba é scairsheilbh an Chiste in AIB agus i mBanc na hÉireann ná 99.8 faoin gcéad agus 14.1 faoin gcéad faoi seach. Bhí luach €13.1 billiún ar Phunann faoi Threoir an Chiste ag deireadh na bliana (ar méadú €4.5 billiún é ar an luach €8.6 billiún a bhí uirthi ag deireadh na bliana 2012). Ag deireadh na bliana 2013, bhí an Phunann faoi Threoir comhdhéanta de ghnáthscaireanna agus de scaireanna tosaíochta araon in AIB, agus luach €10.0 billiún orthu, agus de ghnáthscaireanna i mBanc na hÉireann, agus luach €1.1 billiún orthu. Áiríodh inti freisin fáltais airgid €1.9 billiún ó na scaireanna tosaíochta a bhí ag an gCiste i mBanc na hÉireann a dhíol agus a fhuascailt i mí na Nollag 2013.
Ós rud é nach bhfuil infheistíocht scaireanna tosaíochta an Chiste in AIB liostaithe agus nach bhfágann an ghnáth-scairsheilbh atá aige ach comhlúthacht phoiblí 0.2 faoin gcéad, rinne an Coimisiún gnólacht seachtrach airgeadais chorparáidigh a fhostú, faoi mar a tharla i mblianta roimhe, chun luacháil mhargaidh chóir neamhspleách amhail an 31 Nollaig 2013 a chur ar fáil ar mhaithe leis na hinfheistíochtaí sin a luacháil de réir prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh coiteann leo. Tar éis an chleachtaidh sin, luacháladh na gnáthscaireanna in AIB ar 1.25 cent in aghaidh na scaire agus luacháladh na scaireanna tosaíochta in AIB ar 100 faoin gcéad den chostas.
Bhí gnáth-scairsheilbh an Chiste i mBanc na hÉireann luacháilte ar an bpraghas margaidh de 25.2 cent in aghaidh na scaire amhail an 31 Nollaig 2013.
B’ionann toradh na Punainne faoi Threoir in 2013 agus 57.6 faoin gcéad. I dteannta an athraithe ar luachanna na ngabháltas in AIB agus i mBanc na hÉireann, cuimsítear sa toradh sin freisin fáltais ó fhuascailt agus ó dhíolachán scaireanna tosaíochta i mBanc na hÉireann.
Infheistíochtaí Baincéireachta atá Déanta ag CNP ó Bunaíodh é | ||||
---|---|---|---|---|
Infheistíocht |
Airgead |
Luach ag |
Iomlán |
|
Scaireanna Tosaíochta |
1.8 |
3.2 |
– |
3.2 |
Gnáthscaireanna |
2.9 |
1.0 |
1.1 |
2.2 |
Banc na hÉireann |
4.7 |
4.2 |
1.1 |
5.4 |
Scaireanna Tosaíochta |
3.5 |
0.0 |
3.5 |
3.5 |
Gnáthscaireanna |
8.7 |
– |
6.5 |
6.5 |
Ranníocaíocht Chaipitil |
3.8 |
– |
– |
– |
AIB |
16.0 |
0.0 |
10.0 |
10.1 |
Infheistíochtaí Bainc Iomlána |
20.7 |
4.2 |
11.2 |
15.4 |
Airgead |
1.9 |
|||
Punann Iomlán faoi Threoir |
|
|
13.1 |
|
De bharr slánú, is féidir nach seasfaidh na figiúirí don fhigiúr iomlán.
Foinse: GBCN
Ag deireadh na bliana 2013, b’fhiú €15.4 billiún an luacháil €11.2 billiún, in éineacht le hairgead €4.2 billiún a fuarthas (ar tarchuireadh cuid de chuig an Státchiste faoi Threoir Aireachta agus ar aistríodh cuid de chuig Punann faoi Threoir an Chiste) ó bunaíodh an Ciste (laghdú 26 faoin gcéad ar an mbuninfheistíocht €20.7 billiún).
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach léirítear sna figiúirí thuas ach infheistíochtaí CNP in AIB agus i mBanc na hÉireann. Ní léirítear iontu iomláine staid airgeadais an Stáit i ndáil le bainc Éireannacha.
Ciste Iomlán
Chláraigh an Ciste Iomlán, a chuimsíonn an Phunann faoi Threoir agus an Phunann Lánroghnach araon, toradh 35.4 faoin gcéad in 2013.
Infheistíocht in Éirinn
Ar feitheamh bhunú reachtúil CISÉ, chinn an Coimisiún go bhféadfaí suas le 20 faoin gcéad den Chiste a leithdháileadh ar infheistíochtaí in Éirinn, rud a chuirfeadh ar chumas an Chiste leas a bhaint as deiseanna tarraingteacha infheistíochta agus a chinntiú ag an am céanna gur laistigh de theorainneacha inghlactha a bheadh an riosca comhchruinnithe a bhainfeadh le leibhéal méadaithe infheistíochta in Éirinn.
Amhail an 31 Nollaig 2013, ba é €1,252 milliún an tsuim iomlán a gealladh d’infheistíochtaí a thiocfadh faoi thionscnamh an Chiste Infheistíochta Straitéisí.
Áirítear leis sin:
- €375 milliún do thrí chiste fhadtéarmacha a chuirfidh cothromas, creidmheas agus infheistíocht athstruchtúraithe / téarnaimh ar fiú €850 milliún iad ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) Éireannacha agus do chorparáidí lármhéide Éireannacha;
- Ranníocaíocht $50 milliún le Ciste Teicneolaíochta €100 milliún na Síne-na hÉireann chun infheistiú i gcuideachtaí teicneolaíochta Éireannacha atá ag fás go tapa agus a bhfuil láithreacht shuntasach nó leas straitéiseach acu sa tSín agus chun infheistiú i gcuideachtaí teicneolaíochta Síneacha atá ag fás go tapa agus a bhfuil láithreacht shuntasach nó leas straitéiseach acu in Éirinn;
- Saoráid idirlinne dhá bhliain, ar fiú €250 milliún í, ar théarmaí tráchtála le hUisce Éireann chun tús an chláir mhéadraithe agus costais bhunaithe Uisce Éireann a mhaoiniú; agus
- Soláthar saoráidí creidmheasa teannta chun gur féidir leis an tionscadal CPP do na bóithre N11/N7 leanúint ar aghaidh le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta.
Agus cistí á leithdháileadh lena n-infheistiú in Éirinn, cuid de chuspóir an Chiste é infheistiú caipitil tríú páirtí a spreagadh in Éirinn, rud a mhéadóidh an méid infheistíochta is féidir a bhaint amach ó acmhainní teoranta an Chiste. Bhí méid iomlán an tionscadail a 2.1 oiread níos mó ná ceangaltas an Chiste amhail an 31 Nollaig 2013.
Ceangaltais faoi Thionscnamh an Chiste Infheistíochta Straitéisí ag Deireadh 2013 | ||||
---|---|---|---|---|
Caipiteal CNP |
Caipiteal 3ú Páirtí |
Méid Iomlán an Tionscadail |
Iolra de Mhéid Iomlán an Tionscadail i gcoibhneas le Ceangaltas CNP |
|
Ciste Cothromais FBM – Better Capital |
50 |
50 |
100 |
2.0x |
Ciste Cothromais FBM – Carlyle Cardinal |
125 |
125 |
250 |
2.0x |
Ciste Creidmheasa FBM – BlueBay |
200 |
250 |
450 |
2.3x |
Ciste Teicneolaíochta na Síne-na hÉireann |
72* |
36 |
72 |
1.0x |
Ciste Nuálaíochta Éireann |
125 |
125 |
250 |
2.0x |
Cistí Áitiúla Caipiteal Síl agus Fiontair |
81 |
320 |
401 |
5.0x |
Silicon Valley Bank |
36* |
72 |
72 |
2.0x |
Uisce Éireann |
250 |
– |
250 |
1.0x |
Ciste Bhonneagar na hÉireann |
250 |
66 |
316 |
1.3x |
Cistí Foraoiseachta Éireann |
30 |
187 |
217 |
7.2x |
Beart Scoileanna 3 – Tionscadail CPP |
14 |
121 |
121 |
8.6x |
N11 – Tionscadal CPP (Saoráid teannta) |
18 |
165 |
165 |
9.1x |
Dílsithe |
1,252 |
1,517 |
2,664 |
2.1x |
*I gcás Chiste Teicneolaíochta na Síne-na hÉireann agus Silicon Valley Bank araon, rinne CNP ceangaltais €36m (€72m san iomlán) i gcistí domhanda mar chuid den mhórchaidreamh le tríú páirtithe. Níl na ceangaltais sin san áireamh sna figiúirí maidir le méid iomlán an tionscadail in Éirinn.
De bharr slánú, is féidir nach seasfaidh na figiúirí don fhigiúr iomlán.
Foinse: GBCN