Léirmheas an Phríomhfheidhmeannaigh

John-Corrigan

Bliain an-suntasach d’Éirinn agus do GBCN ba ea an bhliain 2013. D’éirigh linn dul amach de réir sceidil as clár AE/CAI agus d’fhilleamar ar ais sa chéad leath de 2014 ar pháirt normálta a ghlacadh i margaí fiachais cheannasaigh. Bhí an dul amach rathúil sin bunaithe ar roinnt tosca éagsúla – idir thosca intíre agus tosca náisiúnta – lenar áiríodh comhlíonadh cheangaltais an Rialtais i leith an chláir, an t-idirbheart nótaí gealltanais i mí Feabhra 2013, síneadh na n-aibíochtaí ar an ngné Eorpach dár n-iasachtaí faoin gclár, agus idirghabhálacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) chun mór-ghéarchéim an euro a chur chun suaimhnis.

Mar thoradh ar an rath a bhain an BCE amach maidir le géarchéim an euro a chur chun suaimhnis i mí Iúil 2012, tá dúil mhéadaithe ag infheisteoirí i sócmhainní níos rioscaí anois agus tá mórthairbhí bainte amach ag bannaí Rialtas na hÉireann mar thoradh air sin. Tá torthaí bhannaí na hÉireann ag an leibhéal ab ísle riamh anois – rud atá an-éagsúil le cúrsaí trí bliana ó shin nuair a bhain an toradh ar ár mbanna dhá bhliain buaicphointe amach ag beagán os cionn 22 faoin gcéad agus nuair a bhain an toradh ar an mbanna deich mbliana buaicphointe amach ag beagán os cionn 14 faoin gcéad. Bhain GBCN tairbhe as na tosca fabhracha margaidh sin agus chomhlíon sí níos mó ná 80 faoin gcéad dá sprioc maoinithe €8 billiún do 2014 cheana féin. Níos tábhachtaí fós, bhogamar ar shiúl ó na heisiúintí deistapaíocha sindeacáite a chabhraigh linn filleadh ar na margaí ar dtús chun bheith páirteach i sraith ceantanna bannaí sceidealta – an chéim dheiridh a ghlactar nuair atáthar ag gnóthú rochtain normálta mhargaidh.

Chabhraigh tosca margaidh níos fabhraí le GNBS freisin maidir lena clár diúscartha iasachtaí agus sócmhainní réadmhaoine a ghnóthaigh sí ó na bainc in 2009 agus in 2010. Chomhlíon GNBS an chéad gharsprioc aisíocaíochta fiachais a bhí aici – ba é sin, €7.5 billiún nó 25 faoin gcéad dá fiachas sinsearach a aisíoc faoi dheireadh na bliana 2013 agus tá sí ag súil le 50 faoin gcéad dá fiachas sinsearach a fhuascailt faoi dheireadh na bliana 2014. Dliteanas teagmhasach de chuid an Stáit is ea bannaí GNBS. Dá bhrí sin, toisc thábhachtach taobh thiar dár gcreidiúnacht sa mhargadh a thabhairt ar ais a bhí san obair a rinne GNBS an dliteanas teagmhasach sin a bhaint ar bhealach a bhí forásach ach géarchúiseach ó thaobh na tráchtála de. Cé go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar ár ndinimic fiachais le blianta beaga anuas, tá an geilleagar fós faoi réir rioscaí d’inbhuanaitheacht fiachais. Aithnítear an toisc sin sa dréacht-Mheasúnú Náisiúnta Riosca a d’fhoilsigh an Rialtas i mí Aibreáin 2014 ina dtugtar faoi deara go bhfuil cóimheas fiachais/olltáirgeacht intíre na hÉireann fós ard de réir caighdeáin stairiúla agus go bhfuil comhdhlúthú breise ag teastáil sna blianta atá le teacht chun an cóimheas fiachais a chur go daingean anuas.

Cé gur leag mé béim ar leith ar bhainistiú fiach sa chuid seo den tuarascáil bhliantúil seo agus i dtuarascálacha bliantúla eile le roinnt blianta anuas, níl bainistiú fiach ach ar cheann amháin de na feidhmeanna bainistíochta sócmhainní agus dliteanais a chomhlíonann GBCN. Leagtar an bhéim sin ar bhainistiú fiach, ar ndóigh, mar gheall ar an staid neamhchoitianta ina raibh Éire agus muid ag dul isteach i gclár AE/CAI agus mar gheall ar an iarracht atá déanta againn ó shin i leith dul amach as an gclár sin. Go deimhin, tá cuid mhór de shainteanga na margaí bannaí tar éis éirí an-choitianta sa nuacht laethúil le roinnt blianta anuas, rud nach samhlódh aon duine ar bith sa réimse seo roimhe seo. Ar cheann de na comharthaí go bhfuil ár ngníomhaíochtaí bainistithe fiach lán-normalaithe arís tá an chaoi nach bhféachtar ar ár gceantanna bannaí mar mhíreanna ábhartha a thuilleadh agus nach ngineann siad ach cúpla líne sna leathanaigh ghnó ar na saolta seo. Tá comharthaí tar éis teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhfuilimid ag filleadh ar an normalú sin.

Comhartha eile go bhfuilimid ag filleadh ar thimpeallacht normálta mhargaidh chaipitil ba ea gur éirigh leis an tionscadal comhpháirtíochta príobháidí poiblí do bhóthar an N17/N18 (an Gort go Tuaim) céim na dtarraingtí anuas a bhaint amach go rathúil i mí Aibreáin 2014 – ba é sin an chéad bheart comhpháirtíochta príobháidí poiblí (CCP) a fuair maoiniú fiachais ó infheisteoirí institiúideacha ó thús na géarchéime airgeadais. Comhairleoir airgeadais ar an tionscadal a bhí sa Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN), ar cuid eile de ghrúpa comhlachtaí GBCN í. Ba mhórchuspóir straitéiseach de chuid GAFN le dhá bhliain anuas é muinín agus spéis athnuaite a chothú i measc infheisteoirí i gclár CCP na hÉireann agus thug sí faoi chlár um theagmháil ghníomhach le hinfheisteoirí chun na críche sin.

Tá GNBS – dá sannann GBCN baill foirne agus dá soláthraíonn GBCN seirbhísí gnó agus tacaíochta – luaite agam cheana féin. Níl an fheidhm sin ach ar cheann amháin de na feidhmeanna nua ar iarradh ar GBCN a chomhlíonadh le blianta beaga anuas, áfach. Foráiltear leis an mBille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014, atá os comhair an Oireachtais faoi láthair, do na feidhmeanna nua eile sin a chur ar bhonn reachtúil. Is iad seo a leanas na feidhmeanna atá againn i ndáil le NewERA; Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (CISÉ) a dhéanamh den Chúlchiste Náisiúnta Pinsean, a mbeidh sainchúram aige infheistíochtaí a dhéanamh ar bhonn tráchtála ar bhealach a bheidh ceaptha tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht in Éirinn; agus an fheidhm atá ag an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát i ndáil le cuntasaíocht costas dlí chun déileáil le costais tríú páirtí a eascraíonn as Binsí Fiosrúcháin áirithe.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag GBCN cheana féin i ndáil leis na feidhmeanna sin.

Tá Aonad NewERA ar bun agus á reáchtáil ó mhí Mheán Fómhair 2011. Glacann sé le cur chuige tráchtála i leith maoirseacht a dhéanamh ar chuideachtaí leathstáit, agus béim á cur aige ar thoradh ar chaipiteal agus ar fhoinse thiomnaithe saineolais ó thaobh airgeadas corparáideach de a chur ar fáil don Rialtas. Chun na críche sin, d’fhorbair sé Creat um Ionchais Ghearrshealbhóirí arb é is aidhm dó cabhrú le soiléire a bhunú agus le cuspóirí an scairshealbhóra agus an aonáin ábhartha tráchtála Stáit a chur ar chomhréim le chéile. Chuir sé seirbhísí comhairle agus seirbhísí bainistíochta tionscadal ar fáil don Rialtas freisin maidir le díolachán ghnó fuinnimh BGÉ, lenar bhain luach fiontair de suas le €1.1 billiún.

Tá GBCN ag obair chun sraith infheistíochtaí féideartha a fhorbairt do CISÉ. Tá roinnt de na hinfheistíochtaí sin i gcrích anois agus, mar thoradh orthu sin, tá thart ar €1.3 billiún infheistithe nó dílsithe ag CNP do réimsí lena mbaineann tábhacht straitéiseach do gheilleagar na hÉireann, lena n-áirítear bonneagar, caipiteal fiontair agus maoiniú fadtéarmach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Táthar amach go mór maidir le dréachtphlean gnó a ullmhú do CISÉ ar feitheamh na reachtaíochta. Tá an dréachtphlean gnó sin bunaithe ar Chreat Tionchair Eacnamaíochta a d’fhorbair GBCN, rud lena bhféachtar le réimsí a d’fhéadfadh mórthionchar a imirt ar an ngeilleagar agus ar fhostaíocht a shainaithint ionas gur féidir infheistiú iontu, chomh maith le catagóirí infheistíochta a shainaithint a mbeifí ag súil go gcabhróidís le margaí caipitil in Éirinn a normalú agus go gcuirfidís dlús leis an normalú sin tar éis na géarchéime airgeadais. Go deimhin, ar cheann de na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag CISÉ tá an cumas atá aige maoiniú cothromais a chur ar fáil agus, dá bhrí sin, an spleáchas díréireach atá ag gnóthais Éireannacha ar chreidmheas bainc mar fhoinse airgeadais a laghdú.

Thosaigh an tAonad um Chostais Dlí ag feidhmiú i mí Feabhra 2013 agus féachann sé le billí costas a laghdú trí idirbheartaíocht agus, nuair is gá, trí cháin a ghearradh ar an gcóras costas ar mhaithe le coigilteas suntasach a sholáthar don Státchiste. Trí idirbheartaíocht a dhéanamh ar speansais, bhain sé coigilteas 47 faoin gcéad amach ar an €6.4 milliún a éilíodh i bhfoirm speansas dlí de bhun bhinsí Mahon agus Moriarty ó tháinig sé i bhfeidhm.

Bunaithe ar thograí a chuir GBCN ar aghaidh, foráiltear leis an mBille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) freisin go mbunófar Bord uileghabhálach GBCN chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmeanna uile GBCN, seachas GNBS a leanfaidh lena struchtúr rialachais féin, agus a chuirfear in ionad na mbord agus na gcoistí éagsúla atá ann faoi láthair.

Tá an struchtúr nua rialachais sin ina fhorbairt an-suntasach maidir leis an ról a bheidh ag GBCN in Éirinn tar éis na géarchéime. Is ann do chuspóir intuigthe “infheistigh in Éirinn” ar fud gach feidhme de chuid GBCN – go háirithe na feidhmeanna a bhaineann le CISÉ, le NewERA agus le GAFN.

Agus bord uileghabhálach á chur in áit boird ar leith a bhfuil sainorduithe atá leithleach agus sainmhínithe go beacht acu, cuirfidh an struchtúr nua rialachais ar chumas GBCN obair a dhéanamh ar bhealach níos comhtháite agus glacadh le dearcadh straitéiseach i leith ár sainorduithe uile ar mhaithe leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

Bhí cúrsaí an-dúshlánach do GBCN le cúpla bliain anuas de réir mar a rinneamar iarracht láithreacht na hÉireann i margaí fiachais cheannasaigh a athbhunú agus GNBS a bhunú as an nua mar aonán lánfheidhmiúil ag a bhfuil clár comhardaithe ar fiú €32 billiún é agus soláthar foirne de níos mó ná 300 duine. Iarradh orainn freisin aonad baincéireachta a bhunú chun leas agus gabháltais an Stáit i bhforais airgeadais a bhainistiú. Tá an t-aonad sin ar iasacht ag an Roinn Airgeadais ó mhí Lúnasa 2011. Sa bhliain 2013, bhí baint ag an aonad sin le Cuideachta Bheatha na hÉireann a dhíol ar €1.3 billiún, le nótaí in-chomhshóite teagmhasacha Bhanc na hÉireann a dhíol ar €1 billiún, le scaireanna tosaíochta Bhanc na hÉireann a dhíol ar €2 billiún (ús fabhraithe san áireamh), le Leachtú Speisialta na Corparáidí Éireannaí um Réiteach Banc (IBRC) agus leis an idirbheart nótaí gealltanais.

Táim bródúil as an ról a d’imir GBCN maidir le dúshláin a shárú leis an gcúpla bliain an-chrua seo a chuaigh thart agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár bhfoireann i ngach aonad gnó agus i ngach feidhm ghnó as an bhfuinneamh agus as an tiomantas a léirigh siad. Tá na dúshláin atá romhainn sa ghearrthéarma maidir leis na sainorduithe nua a thug an Rialtas dúinn an-éagsúil leo siúd a bhí romhainn roimhe seo agus muid ag bogadh ar shiúl ó ghéarchéim agus i dtreo téarnaimh. Agus é á mhaoiniú ag an Státchiste agus ceaptha chun feidhmeanna tráchtála agus margaidh a chomhlíonadh, agus creidim gur fhreastail múnla gnó GBCN go maith orainn maidir leis na feidhmeanna breise a tugadh dúinn go dtí seo a chomhlíonadh agus go leanfaidh sé de bheith ag freastal go maith orainn de réir mar a fhéachfaimid le sainscileanna riachtanacha a earcú agus a choinneáil ionas gur féidir linn na sainorduithe nua sin a chomhlíonadh go rathúil.

Ar deireadh, cé gur labhair mé faoi na buntáistí a bhaineann le GBCN a bheith ag tuairisciú do bhord uileghabhálach amháin, níl mé ag iarraidh beag a dhéanamh den rannchuidiú a rinne comhaltaí na mbord agus na gcoistí éagsúla faoi na struchtúir rialachais atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, ba mhaith liom an deis seo a thapú buíochas a ghabháil le Coiste Comhairleach Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, le Coiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát, le Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean, le Bord na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta agus leis na fochoistí éagsúla de chuid na gcomhlachtaí sin as a gcuid ama a thabhairt chomh fial sin agus as an gcrua-obair, as an gcomhairle agus as an tacaíocht a chuir siad ar fáil.

John Corrigan
Príomhfheidhmeannach