Tuarascáil an Ard-Reachtaire
Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais
Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn
Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú). Cuimsíonn na ráitis airgeadais an ráiteas maidir leis an staid airgeadais, an ráiteas ar ioncam cuimsitheach, an ráiteas ar athruithe ar ghlansócmhainní, an ráiteas ar shreabhfaí airgid agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm atá forordaithe faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú) agus i gcomhréir le cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh forleathan leis in Éirinn.
Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Ghníomhaireacht) freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú, as a chinntiú go dtugann siad léargas fírinneach cóir agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.
Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Is é an fhreagracht atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairisciú orthu de réir an dlí is infheidhme.
Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.
Déantar m’iniúchadh de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (an Ríocht Aontaithe agus Éire) agus ag comhlíonadh na gCaighdeán Eiticiúil d'Iniúchóirí an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta.
Raon feidhme an iniúchta ar na ráitis airgeadais
Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sna ráitis airgeadais, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Cuimsíonn sé seo measúnú ar
- cibé acu is cuí nó nach cuí iad na beartais chuntasaíochta ó thaobh chúinsí an Chiste de, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí
- réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, agus
- cur i láthair iomlán na ráiteas airgeadais.
Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil faoi rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.
Ina theannta sin, léim an t-eolas faoin gCiste i dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta chun aon neamhréireacht ábhartha leis na ráitis airgeadais iniúchta a shainaithint agus chun aon fhaisnéis ar cosúil í a bheith mícheart go hábhartha nó a bheith neamhréireach a shainaithint, bunaithe ar an bhfaisnéis a ghnóthaigh mé le linn dom an t-iniúchadh a dhéanamh. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.
Tuairim ar na ráitis airgeadais
I mo thuairim, tá na nithe seo fíor faoi na ráitis airgeadais
- tugann siad léargas fírinneach cóir maidir le staid chúrsaí an Chiste don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 agus maidir lena n-iarmhéid ar an dáta sin.
- rinneadh iad a ullmhú mar is ceart i gcomhréir le cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh forleathan leis.
I mo thuairim, ba leorga taifid chuntasaíochta na Gníomhaireachta maidir leis an gCiste le go bhféadfaí iniúchadh éasca agus ceart a dhéanamh ar na ráitis airgeadais. Tá na ráitis airgeadais ar aon dul leis na taifid chuntasaíochta.
Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht
Tuairiscím trí eisceacht sa chás nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó má fheictear dom
- aon ásc ábhartha nuair nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
- nach bhfuil an t-eolas a thugtar i leith an Chiste i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta ag teacht leis na ráitis airgeadais bhainteacha nó leis an eolas a fuair mé agus an t-iniúchadh á dhéanamh agam, nó
- nach léiríonn an Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais gur chloígh an Ghníomhaireacht leis an gCód Cleachtais ar Rialachas Comhlachtaí Stáit, nó
- go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.
Níl rud ar bith le tuairisciú agam maidir leis na cúrsaí sin a thuairiscítear trí eisceacht.
Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
26 Bealtaine 2016