18. Cuntas Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Díbhinní nár Éilíodh)
Fiachas Náisiúnta na hÉireann
Nuair atá ús dlite ar dhliteanas banna, íocann an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán leis an nGníomhaire Íocaíochta, a eisíonn í ansin don sealbhóir cláraithe. Léiríonn an t-iarmhéid i gcuntas na ndíbhinní nár éilíodh ús ar iasachtaí aibithe, a d’aischuir an Gníomhaire Íocaíochta leis an nGníomhaireacht agus nach bhfuil éilithe fós ag na sealbhóirí cláraithe. Cothaíonn an Gníomhaire Íocaíochta cúlchnap airgid, thar ceann na Gníomhaireachta, a úsáidtear chun éilimh a íoc le linn na bliana.
Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí | 2015 €'000 |
2014 €'000 |
---|---|---|
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir | 2,549 | 2,528 |
Fáltais/(Íocaíochtaí) d’Ús nár Éilíodh | (30) | 21 |
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig - Airgead le Banc Ceannais na hÉireann | 2,519 | 2,549 |