Ceantálfaidh GBCN trí bhanna ar an 14 Deireadh Fómhair 2021
11 Deireadh Fómhair 2021 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2021. Beidh trí bhanna á dtairiscint sa cheant.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant:
- Bannaí a bheidh á gceantáil: 0% Banna Státchiste 2031, 2.0% Banna Státchiste 2045 agus 1.5% Banna Státchiste 2050
- Méid an cheant: €1,000 milliún go €1,500 milliún
- Osclófar an ceant: 8.00am
- Dúnfar an ceant: 10.00am
- Dáta Íocaíochta: 18 Deireadh Fómhair 2021
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10am Dé Luain, 18 Deireadh Fómhair 2021.