Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann
18 Deireadh Fómhair 2021 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, an 21 Deireadh Fómhair 2021. Tairgfidh GBCN €750 milliún de Bhillí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta sé mí acu.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar an 21 Deireadh Fómhair 2021:
- Méid an Cheant: €750 milliún
- Aibíocht: 25 Aibreán 2022
- Cód ISIN: IE00BMD03K11
- Osclófar an ceant ag: 9.00am
- Dúnfar an ceant ag: 10.00am
- Dáta Íocaíochta: 25 Deireadh Fómhair 2021
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin, an 21 Deireadh Fómhair ag 4pm.