Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann

15 Samhain 2021 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, an 18 Samhain 2021. Tairgfidh GBCN €750 milliún de Bhillí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta cúig mí acu.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar an 18 Samhain 2021:

  • Méid an Cheant: €750 milliún
  • Aibíocht: 25 Aibreán 2022
  • Cód ISIN: IE00BMD03K11
  • Osclófar an ceant ag: 9.00am
  • Dúnfar an ceant ag: 10.00am
  • Dáta Íocaíochta: 22 Samhain 2021

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin, an 18 Samhain ag 4pm.

Nuacht
18 Deireadh Fómhair 2024

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Deireadh Fómhair 2024

níos mó
11 Meán Fómhair 2024

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Meán Fómhair 2024

níos mó
24 Iúil 2024

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Iúil 2024

níos mó
1 Iúil 2024

Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 3, 2024

níos mó
16 Bealtaine 2024

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Bealtaine 2024

níos mó
9 Bealtaine 2024

Díolann Éire luach €1 bhilliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2034 agus 2041 ag ceant

níos mó