Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann
13 Meán Fómhair 2021 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, an 16 Meán Fómhair 2021. Tairgfidh GBCN €750 milliún de Bhillí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta cúig mí acu.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar an 16 Meán Fómhair 2021:
Méid an Cheant: €750 milliún
Aibíocht: 21 Feabhra 2022
Cód ISIN: IE00BMQ5JR28
Osclófar an ceant ag: 9.00am
Dúnfar an ceant ag: 10.00am
Dáta Íocaíochta: 20 Meán Fómhair 2021
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin, an 16 Meán Fómhair ag 4pm.