Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann
11 Márta 2019 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, 14 Márta 2019. Tairgfidh GBCN €500 milliún Billí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta dhá mhí dhéag acu.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar 14 Márta 2019:
- Méid an Cheant: €500 milliún
- Tréimhse Aibíochta: 16 Márta 2020
- Cód ISIN: IE00BH3SQ903
- Osclófar an ceant ag: 09:00 a.m.
- Dúnfar an ceant ag: 10 a.m.
- Dáta Íocaíochta: 18 Márta 2019
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin an 14 Márta 2019 ag 4 p.m.