Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann
14 Aibreán 2020- Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, 16 Aibreán 2020. Tairgfidh GBCN €750 milliún Billí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta sé mhí acu.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar 16 Aibreán 2020:
Méid an Cheant: | €750 milliún |
Tréimhse Aibíochta: | 19 Deireadh Fómhair 2020 |
Cód ISIN: | IE00BKFVC675 |
Osclófar an ceant ag: | 09:00 a.m. |
Dúnfar an ceant ag: | 10:00 a.m. |
Dáta Íocaíochta: | 20 Aibreán 2020 |
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin an 16 Aibreán 2020 ag 4 p.m.