Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann
16 Lúnasa 2021 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021. Tairgfidh GBCN €750 milliún de Bhillí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta sé mí acu.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar an 19 Lúnasa 2021:
- Méid an Cheant: €750 milliún
- Aibíocht: 21 Feabhra 2022
- Cód ISIN:IE00BMQ5JR28
- Osclófar an ceant ag: 9.00am
- Dúnfar an ceant ag: 10.00am
- Dáta Íocaíochta: 23 Lúnasa 2021
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin, an 19 Lúnasa ag 4pm.