Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 1 Meán Fómhair 2022
29 Lúnasa 2022 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 1 Meán Fómhair 2022. Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant:
Bannaí a bheidh á gceantáil: 0.35% Banna Státchiste 2032 agus 1.5% Banna Státchiste 2050
Méid an cheant: €1,000 go €1,250 milliún
Osclófar an ceant: 8.00am
Dúnfar an ceant: 10.00am
Dáta Íocaíochta: 5 Meán Fómhair 2022
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10am Dé hAoine, an 5 Meán Fómhair 2022.