Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 14 Feabhra 2019

11 Feabhra 2019 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 14 Feabhra 2019. Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant:

  • Bannaí a bheidh á gceantáil: 1.1% Banna Státchiste 2029 agus 1.7% Banna Státchiste 2037
  • Méid an cheant: €1,000 milliún go €1,250 milliún
  • Osclófar an ceant: 8:00 a.m.
  • Dúnfar an ceant: 10:00 a.m.
  • Dáta Íocaíochta: 18 Feabhra 2019

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10:00 a.m. Dé Luan 18 Feabhra 2019.

Nuacht
16 Bealtaine 2024

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Bealtaine 2024

níos mó
9 Bealtaine 2024

Díolann Éire luach €1 bhilliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2034 agus 2041 ag ceant

níos mó
7 Bealtaine 2024

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Bealtaine 2024

níos mó
21 Márta 2024

Díolann Éire luach €1 bhilliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2034 agus 2043 ag ceant

níos mó
15 Márta 2024

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Márta 2024

níos mó
19 Meán Fómhair 2023

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Meán Fómhair 2023

níos mó