Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Márta 2023
6 Márta 2023 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 9 Márta 2023. Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant:
- Bannaí a bheidh á gceantáil: 0.35% Banna Státchiste 2032 agus 1.7% Banna Státchiste 2037
- Méid an cheant: €1,000 milliún go €1,250 milliún
- Osclófar an ceant: 8.00am
- Dúnfar an ceant: 10.00am
- Dáta Íocaíochta: 13 Márta 2023
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10am Dé Luain , an 13 Márta 2023.