Ceantálfaidh GBCN trí bhanna ar an 14 Deireadh Fómhair 2021

11 Deireadh Fómhair 2021 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2021. Beidh trí bhanna á dtairiscint sa cheant.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant:

  • Bannaí a bheidh á gceantáil: 0% Banna Státchiste 2031, 2.0% Banna Státchiste 2045 agus 1.5% Banna Státchiste 2050
  • Méid an cheant: €1,000 milliún go €1,500 milliún
  • Osclófar an ceant: 8.00am
  • Dúnfar an ceant: 10.00am
  • Dáta Íocaíochta: 18 Deireadh Fómhair 2021

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10am Dé Luain, 18 Deireadh Fómhair 2021.


Nuacht
1 Aibreán 2025

Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 2, 2025

níos mó
20 Márta 2025

Díolann Éire luach €1 bhilliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2034 agus 2037 ag ceant

níos mó
19 Márta 2025

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Márta 2025

níos mó
18 Márta 2025

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 20 Márta 2025

níos mó
14 Eanáir 2025

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Eanáir 2025

níos mó
20 Nollaig 2024

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Nollaig 2024

níos mó