Cuireann GBCN €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach ar ceal 2049
27 Márta 2019 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) cealú €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach a bhí le teacht in aibíocht ar an 18 Meitheamh 2049.
Ceannaíodh na bannaí, a eisíodh i ndáil leis an Acht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013, inniu ó Bhanc Ceannais na hÉireann.
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Ar an 8 Feabhra 2013 d'eisigh GBCN luach ainmniúil €25.034 billiún de Bhannaí Ráta Chomhlúthaigh a raibh tréimhse aibíochta bunaidh idir 25 agus 40 bliain acu. Malartaíodh iad sin ar Nótaí Gealltanais i seilbh Bhanc Ceannais na hÉireann, nuair a leachtaíodh an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc.
- I ndiaidh idirbheart an lae inniu, cheannaigh GBCN luach ainmniúil €14.5 billiún de na Bannaí Ráta Chomhlúthaigh ó Bhanc Ceannais na hÉireann agus cuireadh ar ceal iad ina dhiaidh sin.
Tábla 1 - Bannaí Ráta Chomhlúthaigh a cuireadh ar ceal
Bliain | Méid |
---|---|
€ billiún | |
2014 | 0.5 |
2015 | 2.0 |
2016 | 3.0 |
2017 | 4.0 |
2018 | 4.0 |
2019 | 1.0 |
Iomlán | 14.5 |
Tábla 2 - Bannaí Ráta Chomhlúthaigh atá fós gan íoc
Banna | Eisithe Feabhra 2013 | Gan Íoc Márta 2019 |
---|---|---|
€ billiún | € billiún | |
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2038 | 2.000 | – |
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2041 | 2.000 | – |
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2043 | 2.000 | – |
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2045 | 3.000 | – |
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2047 | 3.000 | – |
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2049 | 3.000 | 0.500 |
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2051 | 5.000 | 5.000 |
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2053 | 5.034 | 5.034 |
Iomlán | 25.034 | 10.534 |