Cuireann GBCN €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach ar ceal 2051
10 Lúnasa 2021 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) cealú €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach a bhí le teacht in aibíocht ar an 18 Meitheamh 2051.
Ceannaíodh na bannaí, a eisíodh i ndáil leis an Acht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013, inniu ó Bhanc Ceannais na hÉireann.