Díolann Éire luach €500 milliún de Bhillí Státchiste ag ceant
14 Márta 2019 - Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar ceant Bhillí Státchiste na hÉireann inar díoladh an spriocmhéid, €500 milliún.
B’fhiú €1.729 billiún iomlán na dtairiscintí a fuarthas, figiúr a bhí 3.46 uair níos mó ná an méid a bhí á thairiscint. Tá tréimhse aibíochta 12 mhí ag na Billí Státchiste agus díoladh iad ar thoradh -0.405%.
Aibíocht |
Méid |
Toradh |
Clúdach |
---|---|---|---|
16 Márta 2020 |
€500m |
-0.405% |
3.46 uair |