Díolann Éire luach €500 milliún de Bhillí Státchiste ag ceant
19 Meán Fómhair- Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar ceant Bhillí Státchiste na hÉireann inar díoladh an spriocmhéid, €500 milliún.
B’fhiú €1.985 billiún iomlán na dtairiscintí a fuarthas, figiúr a bhí 3.97 uair níos mó ná an méid a bhí á thairiscint. Tá tréimhse aibíochta 12 mhí ag na Billí Státchiste agus díoladh iad ar thoradh -0.55%.
Aibíocht | Méid | Toradh | Clúdach |
---|---|---|---|
21 Meán Fómhair 2020 | €500m | -0.55% | 3.97 uair |