Díolann Éire luach €750 milliún de Bhillí Státchiste ag ceant
18 Samhain 2021 - Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar ceant Bhillí Státchiste na hÉireann inar díoladh an spriocmhéid, €750 milliún.
B’fhiú €1.8 billiún iomlán na dtairiscintí a fuarthas, figiúr a bhí 2.4 uair níos mó ná an méid a bhí á thairiscint. Tá tréimhse aibíochta cúig mhí ag na Billí Státchiste agus díoladh iad ar thoradh -0.70%.
Aibíocht |
Méid |
Toradh |
Clúdach |
25 Aibreán 2022 |
€750 milliún |
-0.70% |
2.4 |