Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 2, 2021
01 Aibreán 2021 – Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN), faoi réir choinníollacha an mhargaidh, an sceideal ceantanna seo a leanas don ráithe féilire atá ann faoi láthair.
Ceant Bannaí
- Déardaoin, an 13 Bealtaine
- Déardaoin, an 10 Meitheamh
Ceant Billí Státchiste
- Déardaoin, an 15 Aibreán
- Déardaoin, an 20 Bealtaine
- Déardaoin, an 17 Meitheamh
Fógrófar mionsonraí ar an Luan roimh gach ceant.