Cistí um Éire sa Todhchaí

Cistí um Éire sa Todhchaí

Is comhlacht Stáit í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta a bhfuil sainchúram tráchtála uirthi seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas a chur ar fáil do Rialtas na hÉireann, lena n-áirítear na Cistí um Éire sa Todhchaí a rialú agus a bhainistiú.

Is iad na cistí sin ná:

  • An Ciste um Éire sa Todhchaí; agus
  • An Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra.

Dílsítear úinéireacht na gCistí don Aire Airgeadais.

An Ciste um Éire sa Todhchaí:

Is é cuspóir an Chiste um Éire sa Todhchaí ná tacú, ar mhodh comhsheasmhach inchothaithe, le caiteachas Stáit sa bhliain 2041 nó in aon bhliain dá éis sin.

An Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra:

Is é cuspóir an Chiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra ná tacú le caiteachas Stáit (i) i gcás meathlú suntasach ar staid eacnamaíoch nó fhioscach an Stáit, agus (ii) sna blianta 2026 go 2030, ar thionscadail chomhshaoil shainainmnithe.