4. Ioncam
4.1 Punann Lánroghnach
2016 €m |
2015 €m |
|
---|---|---|
Ioncam úis | 61 | 49 |
Ioncam díbhinne | 16 | 38 |
Ioncam réadmhaoine | 7 | 24 |
Ioncam eile | 5 | 9 |
Ioncam ó ghnáthscair phríobháideach | 1 | 1 |
90 | 121 |
Áirítear le hIoncam Eile aisíocaíochtaí dar suim €3m (2015: €7m),, iasachtú urrús dar suim €nil (2015: €1m) agus ioncam ilchineálach dar suim €2m (2015: €1m).
4.2 Punann faoi threoir
2016 €m |
2015 €m |
|
---|---|---|
Ioncam díbhinne | (0) | 0 |
Ioncam úis | - | 446 |
(0) | 446 |
Léiríonn an t-ioncam úis de (€0m) thuas €162k d’ús diúltach atá á ghearradh ar an gcuntas bainc. In 2015, is ionann an t-ioncam úis de €18k agus ús a fuarthas ó nótaí Státchiste na hÉireann a bhí á sealbhú.
Bhí scaireanna tosaíochta in AIB i seilbh an Chiste i rith na bliana. Mar gheall ar shealbhú na scaireanna tosaíochta seo, bhí an Ciste i dteideal díbhinn bhliantúil. Ar an 13 Bealtaine 2015, fuair an Ciste díbhinn dar suim €280m d’airgead tirim. Ar an 18 Nollaig 2015, i ndiaidh fhuascailt agus choinbhéartú na scaireanna tosaíochta, fuair an Ciste €166m eile d’ioncam díbhinne.