16. Cuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta
Féadfaidh an Ghníomhaireacht Bannaí reatha Rialtas na hÉireann a chealú nó a eisiúint. Cuirtear na hidirbhearta sin i bhfeidhm trí dhíolachán nó trí cheannach a dhéanann Ciste Bhanc Taisce an Phoist (“CBTP”). Socraíonn CBTP leis an Státchiste é ansin. Áirítear sa tsuim shocraíochta do gach idirbheart banna an t-ús atá fabhraithe ag an am sin i dtréimhse an chúpóin. Is sa Chuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta a infheistítear an t-ús íoctha go dtí go mbeidh an t-ús iomlán dlite ar dháta an chúpóin. Ar dháta an chúpóin, úsáidtear an t-ús ansin chun costais ghaolmhara fónaimh an Státchiste a fhritháireamh.
Tá cúpón úis iomlán iníoctha leis an úinéir cláraithe sa chás go gcoinnítear an banna ar dháta ex-díbhinne. Is é cuspóir an chuntais seo gur féidir le CBTP an Státchiste a chúiteamh d’eilimint neamhshaothraithe an úis a eascraíonn as bannaí tráinse cum díbhinn nó ar bhannaí cealaithe ex-díbhinne.
Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí | 2016 €'000 |
2015 €'000 |
---|---|---|
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir | 24,124 | 48,810 |
Ús Fabhraithe a Fuarthas ar Iasachtaí Náisiúnta - Tráinsí agus Ceantanna | 35,606 | 30,369 |
Ús Fabhraithe a Íocadh ar Iasachtaí Náisiúnta | (30,641) | (55,055) |
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig - Airgead le Banc Ceannais na hÉireann | 29,089 | 24,124 |