5. Dámhachtainí agus socraíochtaí éileamh is iníoctha
An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát
2015 €'000 |
2014 €'000 |
|
---|---|---|
Dámhachtainí agus socraíochtaí éileamh is iníoctha | 164,614 | 86,852 |
Aithnítear caiteachas ar dhámhachtainí nuair a fhaightear ceadú bailíochtaithe nó socraíocht bhailíochtaithe an chaiteachais sin.
Is é is cúis, go príomha, leis an méadú ná meánchostas níos airde d’éilimh ghinearálta de thoradh líon níos airde d’éilimh níos tromchúisí a bheith á socrú; agus socrú, ar bhonn cnapshuime, roinnt cásanna Ordú Íocaíochta Tréimhsiúla (OIT) iarchurtha a raibh gortuithe tubaisteacha ag baint leo, agus reachtaíocht OIT fós in easnamh.