Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste
Comptroller and Auditor General
Tuarascáil le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais
An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát
Tuairim maidir leis na ráitis airgeadais
Aithnítear an Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Ghníomhaireacht) mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát nuair a dhéanann sé bainistíochat ar éilimh ar an Stát. Tá ráitis airgeadais an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát iniúchta agam don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 de réir mar a éilítear faoi fhorálacha Alt 12 an Achta Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 (mar atá arna leasú). Cuimsítear leis na ráitis airgeadais an ráiteas ioncaim, ráiteas maidir leis an staid airgeadais agus nótaí leis na ráitis airgeadais.
Is é mo thuairim go dtugann na ráitis airgeadais léargas ceart
- ar sócmhainní agus dliteanais an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát ag 31 Nollaig 2017, agus
- ar idirbhearta 2017.
Bunús leis an tuairim
Rinne mé m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) mar a fhógraíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta. Tá cur síos ar mo chuid freagrachtaí faoi na caighdeáin seo in aguisín an tuairisc seo. Tá mé neamhspleách ón Ghníomhaireacht agus tá mo chuid freagrachtaí eiticiúla comhlíonta agam i gcomhréir leis na caighdeáin.
Creidim go bhfuil an fhianaise iniúchóireachta atá faighte agam leordhóthanach agus iomchuí le mo thuairim a bhunú uirthi.
Tuairisc ar eolas seachas na ráiteas airgeadais, agus ar nithe eile
Tá eolas eile faoi leith curtha i láthair ag an Ghníomhaireacht leis na ráitis airgeadais i dtaca le oibríocht éilimh ar an Stát. Cuimsíonn sé tuarascáil bhliantúil an Ghníomhaireacht lena n-áirítear an ráiteas (maidir le rialachas, tuarascáil na stiúrthóirí) agus an ráiteas maidir le rialú inmheánach. Tá cur síos san aguisín a ghabhann leis an tuarascáil seo ar mo chuid freagrachtaí maidir le tuairisc a thabhairt ar an eolas sin, agus ar nithe eile faoi leith ar a dtuairiscím trí eisceacht.
Níl aon ní le tuairisciú agam ina leith sin.
Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
31 Bealtaine 2018