15. An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla (CSRA)
15.1 Cúlra
Bunaíodh an Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla ("CFSC") faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 arna leasú. Úsáidtear an cuntas chun idirbhearta ar gnáthbhearta baincéireachta iad, a d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht a dhéanamh, a réiteach de réir alt 54(7) den Acht Airgeadais, 1970.
I measc gnáthbhearta baincéireachta, tá gníomhaíochtaí amhail idirbhearta réamh-mhalairte, babhtálacha agus ús ar thaiscí a bhaineann le costais fóntas fiachais. Caithfear fáltais ó idirbhearta den chineál sin, seachas iad siúd atá in airgeadra dá bhfuil cuntas imréitigh airgeadra eachtraigh bunaithe faoi alt 139 den Acht Airgeadais, 1993, a ghlacadh i CFSC. Féadfar suimeanna dá leithéid a úsáid chun íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a dhéanamh i leith gnáthbhearta baincéireachta nó i dtreo ús agus speansais an fhiachais phoiblí a ghlanadh.
Áirítear le hidirbhearta ar gnáthbhearta baincéireachta iad idirbhearta díorthacha a rinne an Ghníomhaireacht leis an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní ("GNBS") (de réir alt 52 agus alt 235 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíochta Sócmhainní 2009 agus Ionstraim Reachtúil Uimh. 203/2010) agus leis an gCorparáid Éireannach um Réiteach Bainc 2013 agus Ionstraim Reachtúil Uimh. 57/2013) (féach freisin nóta 14 thuas). Déantar a leithéid sin d'idirbhearta a rinneadh le GNBS agus le CÉRB a fhritháireamh trí idirbhearta a mheaitseáil le contrapháirtithe margaidh. Mar thoradh air sin níl aon ghlanéifeacht ar an CFSC.
Coimeádann an Ghníomhaireacht an t-iarmhéid sa CFSC ag leibhéal atá faoi réir treoirlínte arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais faoi alt 4(4) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990. Faoi threoir an aire dar dáta an 24 Meán Fómhair, 2014, bhí an t-iarmhéid sa CFSC ag deireadh na bliana 2015 le bheith níos lú ná €1 mhilliún. D’fhonn cloí leis na treoracha sin, aistríonn an Ghníomhaireacht cistí barrachais ón CFSC chuig Cuntas an Státchiste roimh dheireadh na bliana.
15.2 Gluaiseacht sa Chuntas don Tréimhse
2017 €000 |
2016 €000 |
|
---|---|---|
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir | 499 | 489 |
Fáltais |
||
Idirbhearta Díorthacha | 7,194,111 | 8,125,347 |
Ús ar Airgead agus ar Shócmhainní Airgeadais Eile | 16,248 | 23,233 |
7,210,359 | 8,148,580 | |
Íocaíochtaí | ||
Idirbhearta Díorthacha | (7,194,111) | (8,125,347)) |
Ús ar an bhFiachas Náisiúnta | (5,390) | (5,205) |
Speansais ar an bhFiachas Náisiúnta | - | (4,018) |
Aistriú chuig an gCuntas Státchiste | (11,000) | (14,000) |
(7,210,501) | (8,148,570) | |
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig | 357 | 499 |
Gluaiseacht sa Bhliain | (142) | 10 |
15.3 Idirbhearta Díorthacha déanta i leith an CÉRB agus GNBS
Tugtar breac-chuntas thíos ar fháltais agus ar íocaíochtaí i leith idirbhearta díorthacha a rinneadh i leith CÉRB agus GNBS sa tréimhse sin:
Fáltais €000 |
Íocaíochtaí €000 |
Glan 2017 €000 |
Glan 2016 €000 |
|
---|---|---|---|---|
Díorthaigh a bhaineann le GNBS | 4,842,371 | (4,842,371) | - | - |
Díorthaigh a bhaineann le CÉRB | 2,351,740 | (2,351,740) | - | - |
7,194,111 | (7,194,111) | - | - |