17. Gealltanais
Sna blianta 1991, 2007 agus 2012, rinne an Ghníomhaireacht comhaontuithe léasa ar feadh tréimhsí éagsúla go 2017, go 2026 agus go 2027 i ndáil le cóiríocht oifige ag Foirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, D02 XN96. Seo a leanas na híoschíosanna ainmniúla todhchaí is iníoctha faoi léasanna oibriúcháin dochealaithe Foirgneamh an Státchiste:
2017 €000 |
2016 €000 |
||
---|---|---|---|
Laistigh d’aon bhliain amháin | 1,806 | 2,075 | |
Faoi cheann dhá bhliain go cúig bliana | 7,224 | 6,893 | |
Thar 5 bliana | 5,912 | 7,420 | |
14,942 | 16,388 |
Tá an Ghníomhaireacht ag breathnú ar a roghanna i dtaca leis na léasanna atá ann faoi láthair, i leith na cóiríochta oifige reatha i bhFoirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire (féach nóta 21).