3. Beartais shuntasacha chuntasaíochta
3.1 Gnás tomhais
Tá na ráitis airgeadais ullmhaithe ar bhonn costas stairiúil mionraithe ag cuimsiú díorthaigh luach coir, infheistíocht agus ionstraimí airgeadais eile ainmnithe ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas ar chéad aitheantas.
3.2 Gnóthas leantach
Tá staid airgeadais an Chiste, a shreafaí airgid thirim agus a staid leachtachta mionsonraithe san ráitis airgeadais. Lena chois sin, leagtar amach i nótaí na ráiteas airgeadais cuspóirí bhainistíocht riosca airgeadais an Chiste, mionsonraí a shócmhainní agus a dhliteanais airgeadais agus a neamhchosaint ar riosca margaidh, creidmheasa agus leachtachta.
Féadann comhaltaí na Gníomhaireachta, ar bhonn réasúnach, bheith ag dúil go mbeadh acmhainní leorga ag an gCiste chun leanúint de bheith ag feidhmiú go ceann tamall de bhlianta. Mar sin, tá an Ciste ag leanúint de ghlacadh le bonn cuntasaíochta gnóthais leantaigh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú.
3.3 Meastacháin agus breithiúnais chuntasaíochta criticiúla
Is gá, nuair a bhíonn ráitis airgeadais á n-ullmhú de réir CTA 102, feidhm a bhaint as meastacháin agus breithiúnais áirithe chuntasaíochta a dhéanann lucht bainistíocha nuair a bhíonn polasaithe cuntasaíochta an Chiste á gcur i bhfeidhm agus a mbíonn tionchar suntasach acu ar na suimeanna a aithnítear sna ráitis airgeadais.
Tá na meastacháin agus na breithiúnais bhainteacha sin bunaithe ar thaithí stairiúil agus ar roinnt tosca éagsúla eile a mheastar a bheith réasúnta sna himthosca. Is iad na torthaí a eascraíonn astu an bonn chun na breithiúnais a dhéanamh maidir le luachanna sócmhainní agus dliteanas a iompar nach bhfuil iomlán soiléir ó fhoinsí eile. D’fhéadfadh difear a bheith idir torthaí iarbhír agus na meastacháin seo.
Príomh fhoinsí éiginnteacht meastacháin
Maidir leis na meastacháin agus toimhdí a bhfuil riosca suntasach ag baint leo go ndéanfaí coigeartú ábhartha dá mbarr ar shuimeanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas, lena áirítear tomhas cóirluacha sócmhainní airgeadais a bhfuil ionchuir shuntasacha dobhreathnaithe acu.
Breithiúnais cuntasaíochta criticiúla i gcur i bhfeidhm polasaithe cuntasaíochta
Ní raibh sé riachtanachag an gCiste aon bhreithiúnais cuntasaíochta criticiúla a dhéanamh i gcur i bhfeidhm a pholasaithe cuntasaíochta.
3.4 Aistriú airgeadra eachtraigh agus iarmhéideanna
Aistrítear idirbhearta airgeadra eachtraigh go dtí an t-airgeadra feidhmiúil trí úsáid a bhaint as na rátaí malairte atá i réim ag dátaí na n-idirbheart. Aistrítear sócmhainní agus dliteanais airgeadra eachtraigh go dtí an t-airgeadra feidhmiúil trí úsáid a bhaint as na rátaí malairte atá i réim ag dátaí na n-idirbheart.
Cuimsítear gnóthachain agus caillteanais mhalairte eachtraí a thagann de bharr aistriú airgead tirim agus le coibhéisí airgid thirim sa ghnóthachan nó caillteanais sa ráiteas ioncaim chuimsithigh.
Cuimsítear gnóthachain agus caillteanais mhalairte eachtraí atá bainteach le sócmhainní agus dliteanais airgeadais iompraithe ag luach cóir trid brábús agus caillteanais sa Ráiteas Ioncaim Chuimsithigh.
3.5 Ús
Aithnítear ioncam agus speansais úis trí úsáid mhodh an ghlanráta úis. Is é an glanráta úis an ráta a lascainíonn go díreach íocaíochtaí measta airgid nó fáltais mheasta airgid amach anseo, gan caillteanais creidmheasa amach anseo a chur san áireamh, thar shaolré ionchasach na hionstraime airgeadais nó chomh fada leis an gcéad dáta athphraghsála margadhbhunaithe eile go dtí glanshuim ghlanluacha na hionstraime airgeadais ar a chéad aithint.
3.6 Ioncam díbhinne
Aithnítear ioncam díbhinne ar an dáta a socraítear an ceart chun íocaíocht a fháil.
3.7 Cothromas príobháideach, réadmhaoin agus ioncaim eile
Aithnítear cothromas príobháideach, réadmhaoin agus ioncaim eile ar bhun fabhruithe.
3.8 Glanghnóthachan/(glanchaillteanais) ar shócmhainní agus dliteanais airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas (FVTPL)
Áirítear le (glanchaillteanas) ó ionstraimí airgeadais ag FVTPL athruithe luach cóir réadaithe agus neamhréadaithe agus difríochtaí malairte eachtraí.
3.9 Táillí agus muirir, agus speansais eile
Lasmuigh do chostais airgeadais a aithníodh thar téarma an fhiachas ag úsáid modh ráta úis eifeachtach, is iondúil gurb ar bhonn fabhruithe a aithnítear táillí agus muirir, agus speansais eile.
3.10 Airgead agus coibhéisí airgid
Cuimsíonn airgead tirim agus coibhéisí airgid tirim infheistíochtaí gearrthréimhseacha, ardleachtachta atá so-inmhalartaithe go suimeanna aitheanta airgid atá faoi réir riosca neamhshuntasach athruithe ar luach. Déantar airgead tirim agus coibhéisí airgid tirim agus billí státchiste, a chomhlíonann na coinníollacha le bheith áirithe mar choibhéis airgid tirim, a thomhas ag luach cóir.
3.11 Aithint agus tomhas sócmhainní agus dliteanas airgeadais
Aithníonn agus tomhasann an Chiste a shócmhainní agus dliteanas airgeadais de réir Alt 11 agus 12 de FRS 102. Socraíonn and Chiste rannaíocht a ionstraimí airgeadais ar chéad aithint.
Tomhas luacha chóir
Is é is ‘luach cóir’ ann an méid ar a bhféadfaí sócmhainn a mhalartú, dliteanas a shocrú nó ionstraim cothromais cheadaithe a mhalartú idir páirtithe toilteanacha feasacha in idirbheart ar neamhthuilleamaí.
Aithnítear sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais ar dtús nuair a dhéantar páirtí de chuid fhorálacha conartha na n-ionstraimí den Chiste. Tomhaistear sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais ar aithint tosaigh dóibh ag praghas idirbhirt.
Tomhas costas amúchta
Is é costas amúchta sócmhainn airgeadais an méid ag a dtomhaistear an tsócmhainn airgeadais nuair a aithnítear ar dtús í, lúide aisíocaíochtaí bunairgid, móide nó lúide an t-amúchadh carnach trí úsáid mhodh an ghlanráta úis idir an chéad mhéid a aithníodh agus an méid aibíochta, lúide aon laghdú ar chlúdach nó ar dhobhailitheacht.
Clúdach
Déantar sócmhainn airgeadais nach rangaítear ag FVTPL a mheasúnú ar gach dáta tuairiscithe lena shocrú cé acu atá nó nach bhfuil fianaise oibiachtúil ar bhearnú. Tá sócmhainn airgeadais nó grúpa shócmhainní airgeadais ‘bearnaithe’ má tá fianaise oibiachtúil ar bhearnú mar gheall ar imeacht amháin nó níos mó a tharla i ndiaidh aithint tosaigh na sócmhainne agus go raibh tionchar ag an imeacht caillteanais ar shreafaí measta airgid na sócmhainne amach anseo ar féidir iad a mheas go hiontaofa.
Áirítear le fianaise oibiachtúil go bhfuil sócmhainní airgeadais bearnaithe nuair atá deacracht shuntasach airgeadais ag an eisitheoir nó ag an bhféichiúnaí, sárú conartha, loiceadh nó faillí in íocaíochtaí úis nó bunairgid, athstruchtúrú an mhéid atá dlite ar théarmaí nach dtoileodh an Ciste de ghnáth, comharthaí go rachaidh iasachtaí i bhféimheacht nó faoi atheagrú airgeadais eile, nó athruithe diúltacha i stádas íocaíochta na n-iasachtaithe de dheasca dálaí diúltacha eacnamaíochta náisiúnta nó áitiúla nó athrú diúltach i ndálaí tionscail.
Ríomhtar caillteanas bearnaithe i leith sócmhainn airgeadais a thomhaistear ag costas amúchta mar an difríocht idir a suim ghlanluacha agus luach reatha an tsreafa mheasta airgid, lascainithe ag glanráta úis bunaidh na sócmhainne. Is i mbrabús nó i gcaillteanas a aithnítear caillteanais agus léirítear iad i gcuntas liúntais in aghaidh infháltais. Leantar d’aithint úis ar an tsócmhainn bhearnaithe. Má tá imeacht a tharlaíonn i ndiaidh aithint an bhearnaithe mar chúis le laghdú mhéid an chaillteanais bhearnaithe, freaschuirtear an laghdú caillteanas bearnaithe trí bhrabús nó caillteanas.
3.12 Sócmhainní agus Dliteanais Airgeadais
Leagtar amach thíos na polasaithe cuntasaíochta suntasacha suntasacha do shócmhainní agus dliteanais airgeadais an Chiste de réir cineál infhiestíocht.
Sócmhainní agus dliteanais airgeadais bhunúsacha
Gnáthscaireanna luaite, ionstraimí fiachais agus cistí infheistíochta
Tomhaistear infheistíochtaí ag luach cóir, arb ionann é agus an luach margaidh deiridh neamhchoigeartaithe ar an bpríomhmhalartán nó ar an bpríomh-mhargadh ar a bhfuil an infheistíocht luaite.
Gnáthscair phríobháideach díreach agus gnáthscair neamhluaite
Tomhaistear infheistíochtaí i scaireanna roghnacha agus i ngnáthscaireanna ar dtús ag an bpraghas idirbhirt lúide costais idirbhirt. I ndiaidh a n-aithint tosaigh, tomhaistear infheistíochtaí is féidir a thomhas go hiontaofa, ag luach cóir agus aithnítear athruithe ina luach cóir i mbrabús agus caillteanas.
Nuair a mheastar nach féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa, tomhaisfear infheistíochtaí den sórt ag costas lúide bearnú.
Iasachtaí agus fáltais
Tar éis iasachtaí agus fáltais a aithint ar dtús, déantar iad a thomhas ag costas amúchta agus modh an ráta éifeachtaigh úis á úsáid. Déantar ionstraimí fiachais bunúsacha (neamhúsmhara), atá iníoctha nó infhála laistigh de bhliain amháin, a thomhas ag méid neamhlascainithe an airgid nó na comaoine eile a bhfuiltear ag súil go n-íocfaí nó go bhfaighfí é/í (.i. gan laige san áireamh) ach amháin sa chás gur ionann an socrú agus idirbheart maoinithe i ndáiríre. Más ionann an socrú agus idirbheart maoinithe, déanann an Ciste an ionstraim fiachais a thomhas ag luach reatha na n-íocaíochtaí todhchaí lascainithe ag ráta úis margaidh le haghaidh ionstraim fiachais chomhchosúil.
Cistí infheistíochta neamhluaite (réadmhaoin, gnáthscair phríobháideach, foraoiseacht, bonneagair agus comhthiomsaithe)
I gcás infheistíochtaí neamhluaite i gcistí réadmhaoine, cothromais phríobháidigh, foraoiseachta, bonneagair agus neamhluaite comhthiomsaithe nach bhfuil aon mhargadh gníomhach ann dóibh, tá an luach cóir measta bunaithe ar an luacháil is déanaí arna cur ag an mbainisteoir seachtrach lena mbaineann ar an gciste nó ar an gcomhpháirtíocht sna ráitis iniúchta airgeadais. Sa chás nach bhfuil luacháil iniúchta ar fáil, mar shampla, i gcásanna nach bhfuil deireadh bliana an chiste nó na comhpháirtíochta ag teacht le deireadh bliana an Chiste iontu, baintear úsáid as an luacháil neamhiniúchta is déanaí atá ar fáil.
Déanann bainisteoirí seachtracha luacháil na n-infheistíochtaí sin a chinneadh trí úsáid a bhaint as modhanna luachála tionscail a bhfuil glacadh leo agus as treoirlínte arna bhfoilsiú ag comhlachtaí tionscail iomchuí. I measc na modheolaíochtaí luachála a d’fhéadfadh a bheith in úsáid ag bainisteoirí seachtracha, tá: iolraí tuillimh de chuid cuideachtaí inchomparáide a thrádáiltear go poiblí, sreafaí airgid lascainithe, idirbhearta tríú páirtí, nó eachtraí a thugann bearnú nó feabhas ábhartha ar luach cóir na hinfheistíochta le fios. I gcéad bhliain na húinéireachta, meastar de ghnáth gurb ionann costas agus meastachán cuí ar luach cóir na n-infheistíochtaí seo, ach amháin sa chás go dtugtar bearnú buan ar luach na n-infheistíochtaí le fios.
Is féidir le raon luachanna féideartha bheith ann do na hinfheistíochtaí sin agus is féidir le luachanna córa measta bheith éagsúil leis na luachanna a bheadh in úsáid dá mbeadh luach margaidh ghníomhaigh ann d’infheistíochtaí den sórt sin.
Úsáideann an Ghníomhaireacht luachálacha bainisteoirí seachtracha le luach cóir infheistíochta a shocrú ar aon dul lena próiseas luachála arna mhaoirsiú ag an gCoiste Bainistíochta Luachála.
Infháltais agus iníocthaí eile agus méideanna dlite do/(ó) tríú páirtithe
Aithnítear infháltais eile ar dtús ag praghsanna idirbhirt lúide costais idirbhirt inchurtha. Aithnítear iníocthaí eile ar dtús ag praghsanna idirbhirt lúide costais idirbhirt inchurtha. I ndiaidh a n-aithint tosaigh, tomhaistear iasachtaí agus infháltais ag costas amúchta trí úsáid an ghlanráta úis, lúide bearnú i gcás infháltais trádála.
Infháltais agus iníocthaí faoi chomhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh agus urrúis a fuarthas ar iasacht
Nuair a cheannaíonn an Ciste sócmhainn airgeadais agus déanann comhaontú go comhuaineach an tsócmhainn chéanna nó sócmhainn an-chosúil a dhíol ar phraghas seasta ar dháta sa todhchaí (comhaontú díolachán freaschurtha agus athcheannaigh), déantar an socrú a chuntas mar bhunionstraim fiachais ag costas amúchta, má tá sé incháilithe mar cheann bunúsach agus aitheanta sa ráiteas ar staid airgeadais mar infháltas ó chomhaontú díolachán freaschurtha agus athcheannaigh, agus ní aithnítear an bhunsócmhainn i ráiteas airgeadais an Chiste.
Ní bhreithnítear ar ionstraimí airgeadais mar bhunionstraimí airgeadais (ionstraimí airgeadais eile)
Aithnítear ag luach cóir ar dtús ionstraimí airgeadais eile nach gcomhlíonann sainmhíniú bunionstraimí airgeadais. I ndiaidh a n-aithint tosaigh, tomhaistear ionstraimí airgeadais eile ag luach cóir agus aithnítear athruithe i mbrabús agus caillteanas, ach amháin infheistíochtaí in ionstraimí cothromais nach dtrádáiltear go poiblí agus nuair nach féidir, seachas sin, luach cóir a thomhas go hiontaofa a thomhaisfear ag costas lúide bearnú.
Ionstraimí airgeadais díorthacha
Aithnítear ionstraimí airgeadais díorthacha ag luach cóir. Aithnítear láithreach sa bhrabús nó caillteanas an gnóthachan nó caillteanas ar tomhas de réir luacha chóir.
Ionstraimí fiachais neamhluaite
Aithnítear ionstraimí fiachais neamhluaite de réir a luacha chóir. Úsáideann an Ciste comhairleoir luachála seachtrach, nuair is gá, le dearbhú go bhfuil luachanna seilbhe na n-infheistíochtaí sin iomchuí ag deireadh na bliana. Sa chás nach féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa, déantar na hinfheistíochtaí sin a thomhas ag costas lúide laige.
Tá nósanna imeachta curtha ar bun ag an nGníomhaireacht chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar luacháil infheistíochtaí. Bunaithe ar a tuairim, agus ar an bhfaisnéis ábhartha atá ar fáil di, d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht a chinneadh i gcúinsí áirithe go mbeadh sé cuí athrú a dhéanamh ar luacháil na foinse seachtraí d'fhonn luach cóir infheistíochta a thaifeadadh.
Tá Coiste Luachála curtha ar bun ag an gCiste (Nóta 15.7(ii)). Le linn na bliana, bhí an Príomh-Oifigeach Airgeadais agus Oibriúcháin, an Bainisteoir Rioscaí Sinsearach, Stiúrthóir ISIF agus pearsanra sinsearach eile na Gníomhaireachta agus ISIF ina mbaill den Choiste Luachála. Cabhraíonn an Coiste Luachála leis an nGníomhaireacht chun luacháil infheistíochtaí an Chiste a chinneadh ar na bealaí a leanas:
- athbhreithniú a dhéanamh ar na luachálacha infheistíochta tréimhsiúla agus ar an mbonn luachála le haghaidh shócmhainní an chiste de réir an chreata cuntasaíochta arna ghlacadh ag an gCiste;
- na luachálacha ar shócmhainní a sholáthar lena gcuimsiú i ráitis airgeadais bhliantúla an Chiste; agus
- tacú le Coiste Iniúchóireachta agus Riosca GNBS le hathbhreithniú agus faomhadh a dhéanamh ar ráitis airgeadais an Chiste agus le haon ghníomhaíochtaí eile a d'fhéadfadh teacht chun cinn.
3.13 Dí-aithint
Dí-aithníonn an Ciste sócmhainn airgeadais nuair:
- a bhíonn cearta conartha na sreafaí airgid ón tsócmhainn socraithe nó in éag;
- a théann sí in éag, nó aistrítear chuig páirtí eile gach riosca agus leas úinéireachta de chuid na sócmhainne airgeadais; nó
- tá riosca agus leas suntasach áirithe úinéireachta coinnithe ag an gCiste, tá stiúir na sócmhainne aistrithe chuig páirtí eile agus tá an cumas praiticiúil ag an bpáirtí eile an tsócmhainn a dhíol ina hiomláine le tríú páirtí neamhbhainteach; agus féadann siad an cumas sin a fheidhmiú go haontaobhach agus ní gá dóibh srianta breise a chur ar an aistriú. Sa chás seo, dí-aithníonn an Ciste an tsócmhainn agus aithníonn sé ar leith cearta nó oibleagáidí ar bith a choinnítear nó a chruthaítear san aistriú.
Ar dhí-aithint sócmhainn airgeadais, leithdháilfear suim ghlanluacha na sócmhainne aistrithe idir na cearta nó na hoibleagáidí a choinnítear agus iad siúd a aistrítear ar bhonn a luachanna córa coibhéiseacha ar dháta an aistrithe. Tomhaisfear cearta agus oibleagáidí nuachruthaithe ag a luachanna córa ar an dáta sin. Aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas i mbliain an aistrithe aon difríocht idir an chomaoin a fhaightear agus na méideanna a aithnítear agus a dhí-aithnítear.
Murab é dí-aithint an toradh a bheidh ar aistriú ar an ábhar gur choinnigh an Ciste rioscaí suntasacha agus leas suntasach úinéireachta i leith na sócmhainne aistrithe, leanfaidh an Ciste d’aithint na sócmhainne aistrithe ina hiomláine agus aithneofar dliteanas airgeadais i leith na comaoine a fuarthas. Ní dhéanfar an tsócmhainn agus an dliteanas a fhritháireamh ach amháin nuair a schroichtear coinníollacha fritháireamh. Le linn tréimhsí ina dhiaidh sin, aithneoidh an Ciste aon ioncam ar an tsócmhainn aistrithe agus aon speansais a tabhaíodh ar an dliteanas airgeadais.
Dí-aithníonn an Ciste dliteanas airgeadais nuair a urscaoiltear, a chealaítear nó nuair a éagann a oibleagáidí conartha. Aithneoidh an Ciste i mbrabús nó i gcaillteanas aon difríocht idir suim ghlanluacha an dliteanais airgeadais (nó cuid de dhliteanas airgeadais) a chuirfear ar ceal nó a aistreofar chuig páirtí eile agus an chomaoin a íocadh, lena n-áirítear sócmhainní neamhairgid ar bith a aistreofar nó dliteanais a ghlacfar.
3.14 Fritháireamh
Déantar sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais chánach iarchurtha a fhritháireamh sa ráiteas ar staid airgeadais nuair, agus sa chás seo amháin, go bhfuil ceart fritháirimh atá infheidhmithe le dlí ann ag an gCiste na méideanna aitheanta a fhritháireamh agus go bhfuil sé beartaithe aige glanadh ar bhonn glansuime nó an tsócmhainn a réadú agus an dliteanas a ghlanadh go comhuaineach.
Cuirtear ioncam agus speansais i láthair ar bhonn glansuime i leith gnóthachan agus caillteanas ó ionstraimí ag FVTPL agus gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí.
3.15 Lacáistí infheistíochta
Déantar lacáistí infheistíochta a aithint ar bhonn fabhruithe de ghnáth ag an bpointe a thagann sé chun feasa an Chiste go bhfuil sé i dteideal lacáiste ó bhainisteoir infheistíochta. Sa chás nár cuireadh an lacáiste in iúl don Chiste roimh ré, aithnítear an lacáiste nuair a fhaightear é.
3.16 Comhthaobhacht
Aithnítear airgead arna thaisceadh mar chomhthaobhacht sa Ráiteas ar Staid Airgeadais mar Iarmhéideanna atá dlite ó bhróicéirí. Is ionann na méideanna sin agus cuntais éarlaise, comhthaobhacht airgid le haghaidh urrúis ar iasacht agus díorthaigh agus idirbhearta díolacháin atá le socrú. Aithnítear comhthaobhacht arna taisceadh leis an gCiste mar Iarmhéideanna atá dlite le bróicéirí sna dliteanais airgeadais sa Ráiteas ar Staid Airgeadais.